Matha 26:69 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ach bhí Peadar ’n-a shuidhe amuigh sa ríghtheaghlach; agus tháinig duine de sna cailíníbh chuige, agus dubhairt sí: Bhís-se, leis, i bhfochair Íosa, an Gaililíach. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Anois bhí Peadar ina shuí amuigh sa chúirt. Agus tháinig cailín aimsire aníos chuige, agus dúirt sí, “Bhí tusa i gcuideachta Íosa Galailéigh freisin.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht bhí Peadar ina shuidhe amuigh san chúirt, agus tháinic cailín aimsire chuige, agus dubhairt: Bhí tusa fosta le h-Íosa, an Gaililéach. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do bhí Peadar n‐a shuidhe sa gcúirt amuigh: agus tháinig cailín chuige, agus adubhairt sí, Do bhís‐se, leis, i bhfochair Íosa an Galiléach. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do bhí Peadar na shuidhe a muigh ann sa halla: agus táinic cailin aíridhe chuige, ag rádh, Do bhí tusa leis a bhfochair Iósa an Galiléach. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Bhí Peadar ina shuí amuigh, sa chúirt. Tháinig cailín aimsire chuige agus dúirt: “Bhí tusa freisin in éineacht le hÍosa Gailíleach.” An Bíobla Naofa 1981 Bhí Peadar ina shuí amuigh, sa chúirt. Tháinig cailín aimsire chuige agus dúirt: “Bhí tusa freisin in éineacht le hÍosa an Gailíleach.” |
Ansan do tháinig i bhfochair a chéile uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobuil i halla an árd-shagairt, dár, bh’ainim Caiphas;
Do lean Peadar é, ámhthach, abhfad siar, go dtí teaghlach an árd-shagairt; agus chuaidh sé isteach agus shuid sé ameasg na seirbhíseach, go bhfeicfeadh sé deire na h-oibre.
Agus do shéan seisean os a gcómhair go léir, agus dubhairt sé: Ní fheadar cad ’tá agat d’á rádh.
Agus bhí sé ag gabháil an dorus amach, agus chonaic cailín eile é, agus dubhairt sí leis na daoine a bhí láithreach: Bhí sé seo, leis, i bhfochair Íosa, an Nasarénach.
Agus dubhairt Natanaél: An féidir aon nídh fóghanta theacht ó Nasaret? Deir Pilib leis, Tar agus feic.
Dubhairt tuille acu: Isé an Críost é seo. Agus dubhairt raint acu: An ó Ghaililí atá Críost ag teacht?
D’fhreagradar agus dubhradar leis: An amhlaidh is Gaililiach tusa leis? Cuardaigh an Sríbhinn, agus chífir ná h-eirigheann fáidh a’ Gaililí.
I ndiaidh an fhir sin d’eirigh Iúdás Gaililíach, i laethibh an chómhairimh, agus tharraig sé na daoine ’n-a dhiaidh, ach do fuair sé sin bás, leis, agus do sgaipeadh a chuallacht go léir.