Agus dubhairt sé leó: Cad is toil libh a thabhairt dómh-sa agus tabharfad suas daoibh é? Agus shocaruigheadar-san leis ar thríochad píosa airgid.
Matha 26:16 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus as san amach bhí sé ag faire ar chaoi chun é thabhairt suas. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus ón bpointe úd amach bhí sé ag faire na faille le fealladh air. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus ó’n am sin amach bhíodh sé ar lorg caoi chun é a bhrath. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus ó’n am sin amach do bhí sé ag iarraidh uaine chum a thabhairt suas dóibh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ó sin a mach, do íarr sé úain airsean do bhrath. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus ón uair sin amach bhí sé ag faire ar a dheis chun é a thabhairt ar láimh. An Bíobla Naofa 1981 Agus ón uair sin amach bhí sé ag faire ar a dheis chun é thabhairt ar láimh. |
Agus dubhairt sé leó: Cad is toil libh a thabhairt dómh-sa agus tabharfad suas daoibh é? Agus shocaruigheadar-san leis ar thríochad píosa airgid.
An chéad lá, ámhthach, de laethantaibh féile an aráin gan giost tháinig a dheisgiobuil chun Íosa, agus dubhradar: Cár mhaith leat go ndéanfaimís an cháisg d’ollamhú dhuit le caitheamh?
Agus nuair airigheadar é bhí áthas ortha, agus ghealla-dar dó go dtabharfaí airgead dó. Agus bhí sé ag faire chun caoi fhághail ar é thabhairt suas.
Agus dhein sé an margadh leó, agus bhí sé ag faire go bhfaghadh sé caoi ar é thabhairt suas dóibh nuair ná beadh na daoine ann.
Agus bhí sé ag léiriú dhó ar cheart agus ar gheanmnaidheacht, agus ar an mbhreitheamhantas atá le teacht, agus tháinig critheagla ar Fhéilics agus dubhairt sé: Imthigh anois, ach nuair a bheid caoi agam cuirfead fios ort.