Matha 26:14 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ansan d’imthigh duine de’n daréag, dár bh’ainim Iúdás Iscariot, ag triall ar uachtaránaibh na sagart, An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Chuaigh duine ansin den dáréag, a raibh Iúdás Iscariót mar ainm air, chuig na hardsagairt Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Annsin chuaidh duine de’n dáréag, arbh ainm dó Iúdas Iscariot, chuig uachtaráin na sagart, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Annsin do chuaidh duine de’n dáréag, dárbh ainm Iúdás Iscariót, chum uachtarán na sagart, agus adubhairt sé, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ann sin do imthigh fear don dá fhear dhég, dar ab ainm Iúdas Iscairiótes, chum úachdarán na sagart. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ansin chuaigh duine den dáréag, arbh ainm dó Iúdás Isceiriót, go dtí uachtaráin na sagart An Bíobla Naofa 1981 Ansin chuaigh duine den dáréag, arbh ainm dó Iúdás Isceiriót, go dtí uachtaráin na sagart |
Ansan, do fhreagair Iúdás, an fear a dhíol é, agus dubhairt: An mise é, a Máighistir? Dubhairt sé leis: Dubhraís é.
Agus é ag rádh na bhfocal san, féach, tháinig Iúdás, duine de’n dáréag, agus sluagh le n-a chois a chuir uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobuil leis, agus claidhmhte acu agus bataí.
Ansan nuair a chonaic Iúdás, a dhíol é, go raibh sé daor chun báis, tháinig aithreachas air, agus thug sé an tríochad píosa airgid thar n-ais ag triall ar uachtaránaibh na sagart agus ar na seanóiribh.
Agus dubhairt duine de sna deisgiobuil, Iúdás Iscariót, an fear a bhí chun é dhíol:
Agus nuair a bhí an suipéar críochnuighthe, agus an diabhal tar éis a chur i gcroidhe Iúdáis Iscariót, mhic Shímóin go ndéanfadh sé é dhíol,
D’fhreagair Íosa: An fear go dtabharfad-sa blúire d’arán túmtha dó, siné é. Ansan do thúm sé blúire aráin agus thug sé d’Iúdás Iscariót mac Shímóin é.
Ach nuair a ghlac seisean an blúire aráin d’imthigh sé amach gan mhoill. Agus bhí an oidhche ann.
Agus bhí fios na h-áite ag Iúdas, leis, an fear a dhíol é, mar do chuaidh Íosa ann go minic i n-aonfheacht le n-a dheisgiobulaibh.
A fheara, a bhráithre, ní foláir cómhlíonadh an Scriptiúra do thargair an Spioraid Naomh tré bhéal Dáibhid i dtaobh Iúdáis, an fear a threóruigh an mhuinntir a ghaibh Íosa,
Do fuair an fear san talamh le tuarasdal a dhroch-ghnímh, agus do crochadh é agus do sgoilt air ’n-a lár agus do thuit na h-inní go léir amach as.