Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 26:12 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Mar, nuair a chuir sí seo an ungadh so ar mo chorp-sa, is chun m’adhlactha a dhein sí é.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Ag doirteadh na huinniminte seo orm rinne sí réidh mo chorpsa chun a adhlactha.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Óir ar dhortadh an ungtha seo ar mo chorp dí, is chun m’adhlaicthe a rinne sí é.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Óir, ag doirteadh na h‐uinnimeinte seo ar mo chorp‐sa dhí, is fá chómhair m’adhlaicthe do‐rinne sí é.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Oír ar ndórtadh na holasa ar mo chorpsa dhí, is fa chomhair madhluice do rinne sí é.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

agus nuair a scaoil sí an ola chumhra seo faoi mo chorp, is le haghaidh mʼadhlactha a rinne sí é.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

agus nuair a scaoil sí an ola chumhra seo faoi mo chorp, is le haghaidh m'adhlactha a rinne sí é.

Féach an chaibidil



Matha 26:12
8 Tagairtí Cros  

An nídh a bhí aici seo le déanamh tá sé déanta aici; tá ola curtha roim ré aici ar mo chorp-sa i gcóir adhlachta.


Agus nuair a bhí an tsabbóid imthighthe cheannuigh Máire Mhagdalén agus Máire, máthair Shéamuis, agus Salómé, spíosra cúmhrtha chun go dtiocfaidis agus go n-ungfaidís Íosa.


Agus d’fhilleadar agus d’ollamhuigheadar spíosra agus oíle, agus ansan do ghlacadar a suaimhneas i gcaitheamh na sabbóide, do réir na h-aithne.


Ansan dubhairt Íosa: Leigidh di féin, agus coimeádadh sí é sin i gcóir lae m’adhlactha.