Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 26:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 agus nuair a scaoil sí an ola chumhra seo faoi mo chorp, is le haghaidh m'adhlactha a rinne sí é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

12 Ag doirteadh na huinniminte seo orm rinne sí réidh mo chorpsa chun a adhlactha.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

12 Óir ar dhortadh an ungtha seo ar mo chorp dí, is chun m’adhlaicthe a rinne sí é.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Óir, ag doirteadh na h‐uinnimeinte seo ar mo chorp‐sa dhí, is fá chómhair m’adhlaicthe do‐rinne sí é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Oír ar ndórtadh na holasa ar mo chorpsa dhí, is fa chomhair madhluice do rinne sí é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

12 Mar, nuair a chuir sí seo an ungadh so ar mo chorp-sa, is chun m’adhlactha a dhein sí é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

12 agus nuair a scaoil sí an ola chumhra seo faoi mo chorp, is le haghaidh mʼadhlactha a rinne sí é.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 26:12
8 Tagairtí Cros  

Ansin d'ordaigh Iósaef do na lianna a bhí ina sheirbhís a athair a bhalsamú, agus rinne na lianna Iosrael a bhalsamú.


Chuireadar é sa tuama a d'ordaigh sé a thochailt dó féin i gcathair Dháiví. Leagadar ar chróchar é faoi bhrat spíosraí agus olaí cumhra a ullmhaíodh le healaín an chumhradóra agus d'adhnadar béileach mhór thine ina onóir.


A raibh ar a cumas, rinne sí é; chuir sí ola roimh ré ar mo chorp chun a adhlactha.


Nuair a bhí an tsabóid thart, cheannaigh Máire Mhaigdiléana, Máire máthair Shéamais, agus Salómae, spíosraí chun dul agus é a ungadh.


Ansin, ar dhul ar ais dóibh, d'ullmhaigh siad spíosraí agus olaí cumhra. Agus sa tsabóid, d'fhan siad ina gcónaí do réir na haithne.


Dúirt Íosa ansin: “Lig di chun go gcoimeádfaidh sí é i gcomhair lá m'adhlactha.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí