Agus tabharfaidh an dritháir a dhritháir le cur chun báis, agus an t-athair a mhac; agus eireóchaid an chlann i gcoinnibh a n-athar agus a máthar agus básóchaid siad iad.
Matha 24:10 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ansan glacfaidh a lán daoine sgannal, agus déanfaid siad feall ar a chéile, agus beidh fuath acu d’á chéile. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus is iomaí sin duine a shéanfas an creideamh ansin, agus a bheidh ag fealladh ar a chéile agus a mbeidh fuath acu dá chéile. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus annsin glacfaidh mórán scainneal, agus dhéanfaidh siad feall ar a chéile, agus béidh fuath acu ar a chéile. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Annsin bainfear bárr‐thuisleadh as a lán, agus braithfid a chéile. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ann sin do gheabhuid móran adhbhar oilbheime, agus braithfid dáoine a cheile, agus bíaidh fúath aca dhá chéile. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ansin, clisfidh ar mhórán, beidh siad ag fealladh ar a chéile agus ag fuathú a chéile. An Bíobla Naofa 1981 Ansin, clisfidh ar mhórán, beidh siad ag fealladh ar a chéile agus ag fuathú a chéile. |
Agus tabharfaidh an dritháir a dhritháir le cur chun báis, agus an t-athair a mhac; agus eireóchaid an chlann i gcoinnibh a n-athar agus a máthar agus básóchaid siad iad.
Ach ní’l an phréamh aige; ní leanann sé ach tamall; agus nuair a thagann an trioblóid agus an ghéarleanmhaint mar gheall ar an mbriathar, glacann sé sgannal.
Agus do ghlacadar sgannal d’á dhruim. Dubhairt Íosa leó, ámhthach: Ní’l fáidh gan onóir ach ’n-a dhúthaigh féin agus ’n-a theaghlach féin.
Óir déanfaidh an dritháir feall báis ar a dhritháir, agus an t-athair ar a mhac; agus eireóchaidh an chlann i n-aghaidh a n-athar agus a máthar, agus imireóchaid siad bás ortha.
Agus ní’l an phréamh acu ionta féin, ach seasuighid siad ar feadh tamaill; ansan, nuair a thagann an trioblóid, agus an cath d’á chur ortha mar gheall ar an mbriathar, glacaid siad sgannal láithreach.
Agus tabharfaid bhúr n-aithreacha agus bhúr máithreacha suas d’bhúr namhaid sibh, agus bhúr ndriotháracha, agus bhúr ngaolta, agus cuirfid siad cuid agaibh chun bháis.