Matha 22:42 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt sé: Cad a thuigeann sibh-se i dtaobh Chríost? Cé ’ro mac é? Agus dubhradar leis: Mac Dáibhid. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus dʼfhiafraigh sé díobh, “Cad é bhur mbarúil i dtaobh an Chríost? Cé leis é?” “Mac Dháibhí,” ar siadsan leis. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ag rádh: Cad é bhur mbaramhail fá’n Chríost? Cé h-é ar mac dó é? Deir siad-san leis: Dáibhidh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Cad é bhúr dtuairim de’n Chríost? cia dar ab mac é? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ag rádh, Créd do chithear dhíbhse a dtimcheall Chriósd? cía dár mhac é? A deiridsean ris, Mac Dháibhí. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 “Cad é bhur mbarúil faoin gCríost? Cé dó ar mac é?” Dúirt siad leis: “Do Dháiví.” An Bíobla Naofa 1981 “Cad é bhur mbarúil faoin gCríost? Cé dó ar mac é?” Dúirt siad leis: “Do Dháiví.” |
Agus tháinig na daoine a bhí ar an luing agus d’adhradar é, agus dubhradar, Is tú Mac Dé go fíor.
Agus an tsluagh a bhí lasmuigh agus lastiar bhíodar ag liúirigh, agus deiridís: Hósanna do Mhac Dáibhid; Moladh do’n t-é atá ag teacht i n-ainim an Tighearna; Hósanna go lán árd.
Dubhairt sé leó: Ma ’seadh, cad uime go dtugann Dáibhid, sa spioraid, a Thighearna air, mar a ndeir sé:
Agus nuair a bhí Íosa ag imtheacht as an áit sin do lean beirt dall é agus iad ag liúirigh, agus deiridís, Dein trócaire orainne a Mhic Dáibhid.
D’fhreagair Natanaél agus dubhairt sé: A Mháighistir, is tusa Mac Dé, is tusa rí Israéil.