Agus do thuit an méid sin go léir amach i dtreó go gcómhlíonfaí an rud a dubhairt an Tighearna tré bhéal an fháidh nuair adubhairt sé:
Matha 21:4 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do deineadh an méid sin go léir, ionas go gcómhlíonfaí caint an fháidh mar a ndeir sé: An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Tharla seo leis an rud a bhí ráite ag an bhfáidh a chomlíonadh, is é a deir sé: Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus thárla an méid seo uilig ionnas go gcóimhlíontaí an rud a dubhradh tríd an fháidh, a deir: Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus tháinig sin chum críche, chum go gcóimhlíonfaidhe tarngaireacht an fháidh, mar adubhairt sé, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus táinic so uile chum críche, ionnas go gcoimhlíonfuidthe an ní a dubhradh tres an bhfáidh, a deir, An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Tharla an méid sin chun go gcomhlíonfaí a ndúradh tríd an bhfáidh: An Bíobla Naofa 1981 Tharla an méid sin chun go gcomhlíonfaí a ndúradh tríd an bhfáidh: |
Agus do thuit an méid sin go léir amach i dtreó go gcómhlíonfaí an rud a dubhairt an Tighearna tré bhéal an fháidh nuair adubhairt sé:
Agus má deir aoinne aon rud libh abraidh: Tá gnó ag an dTighearna díobh so; agus sgaoilfidh sé libh iad láithreach.
Ach tá so go léir déanta chun go gcómhlíonfaí scriptiúirí na bhfáidh. Ansan d’fhág a dheisgiobuil go léir é, agus do theitheadar.
Agus thugadar an searrach ag triall ar Íosa, agus chuireadar a mbrait anuas air, agus do shuidh sé air.
Agus thugadar agh triall ar Íosa é, agus do leathadar a mbrait ar an searrach agus chuireadar Íosa ar a mhuin.
Ach amáireach a bhí chúgainn do ghluais amach sluagh mhór de sna daoine a bhí tagaithe chun na féile, mar d’airigheadar Íosa bheith ag teacht go Ierúsalem
Ná bíodh eagal ort, a inghean Shióin; Féach, tá do rí ag teacht agus é ’n-a shuidhe ar shearrach asail.