Agus tháinig truagh ag Íosa dhóibh, agus chuir sé a lámh ar a súilibh: agus tháinig a radharc dóibh láithreach, agus do leanadar é.
Matha 21:1 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus nuair a bhíodar ag teacht i ngar d’Ierúsalem, agus bhíodar tagaithe go Betphagé i n-aice chnuic Olibhet, ansan do chuir Íosa uaidh beirt deisgiobul, An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus nuair a bhí siad ag druidim le hlarúsailéim, agus a shroich siad Bétfagé, agus Cnoc na nOlóg, chuir Íosa beirt dheisceabal uaidh ansin, Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a tháinic siad i ngaobhar do Ierusalem, agus shroich siad Betphage, i n-aice le Sliabh na n-Ológ, annsin chuir Íosa beirt dheisciobal uaidh, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus nuair do bhíodar ag druidim le h‐Iarúsalem, agus thángadar go Bétfagé, go cnoc na nOla‐chrann, do chuir Íosa uaidh beirt deisceabal, g‐á rádh leo, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tráth do dhruideadar ré Híarusalem, agus tangadar go Betpháge, go slíabh na noluidheadh, ann sin do chuir Iósa diás deisciobal úadh, An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Nuair a bhí siad ag teacht i ngar dʼIarúsailéim agus iad tagtha go Béatfaigé i dtreo Chnoc na nOlóg, chuir Íosa beirt deisceabal uaidh An Bíobla Naofa 1981 Nuair a bhí siad ag teacht i ngar do Iarúsailéim agus iad tagtha go Béatfaigé i dtreo Chnoc na nOlóg, chuir Íosa beirt dheisceabal uaidh |
Agus tháinig truagh ag Íosa dhóibh, agus chuir sé a lámh ar a súilibh: agus tháinig a radharc dóibh láithreach, agus do leanadar é.
Agus dubhairt sé leó: Téighidh isteach sa bhaile sin os bhúr gcómhair, agus gheobhaidh sibh ann gan mhoill láir asail agus í ceangailte, agus searrach ’n-a teannta; sgaoilidh í agus tugaidh chugham iad.
Agus do shuid sé ar chnoc Olibhet, agus tháinig a dheisgiobuil chuige a gan fhios, agus dubhradar: Innis dúinn cathain a thuitfid na neithe seo amach, agus cad a bheidh mar chómhartha ar do theacht-sa, agus ar dheire an tsaoghail.
Agus bhí sé ’n-a shuidhe ar Chnoc na n-Olachrann ar aghaidh an teampail, agus bhí Peadar agus Séamus agus Eóin agus Aindrias ’ghá fhiafraighe dhe, ar leithligh:
Agus bhíodh sé ag teagasg sa teampul gach lá; agus d’imthigheadh sé amach agus thugadh sé an oidhche ar an sliabh ar a dtugtar Olibhet.
Agus chuaidh sé amach, agus chuaid sé, mar ba ghnáth, go Cnoc na n-Ola-chrann. Agus do lean a dheisgiobuil é.
Ansan do thánadar thar n-ais go Ierúsalem ó’n gcnuc ar a dtugtar Olibhet, cnoc atá i ngiorracht siubhal lae sabbóide do Ierúsalem.