Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 21:2 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus dubhairt sé leó: Téighidh isteach sa bhaile sin os bhúr gcómhair, agus gheobhaidh sibh ann gan mhoill láir asail agus í ceangailte, agus searrach ’n-a teannta; sgaoilidh í agus tugaidh chugham iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 agus dúirt sé leo, “Siúlaigí isteach sa bhaile beag os bhur gcomhair, agus ní fada go dtiocfaidh sibh ar asal ceangailte ann, agus searrach léi; scaoiligí iad agus tugaigí chugam iad.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 Ag rádh leo: Téighigidh isteach san bhaile sin atá thall ós bhur gcómhair, agus ar an bhomaite gheobhaidh sibh asal ceangailte agus searrach ina teannta: scaoiligidh agus tabhairigidh chugam iad.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Téighidh isteach sa mbaile beag úd thall os bhúr gcómhair, agus ar an láthair do‐gheobhaidh sibh láir asail ceangailte ann, agus searrach i n‐éinfheacht léi: scaoilidh iad, agus tabhraidh libh chugam iad.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Ag rádh ríu, Imdhighidh don bhaile a tá as bhur gcomhair, agus ar an mball do geabhtháoi asal ceanguilte ann, agus searrach na fhochair: sgáoilidh, agus tabhraidh chugamsa íad.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 ag rá leo: “Téigí isteach sa bhaile atá os bhur gcomhair, agus gheobhaidh sibh láir asail ceangailte agus searrach lena cois;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

2 ag rá leo: “Téigí isteach sa bhaile atá os bhur gcomhair, agus gheobhaidh sibh láir asail ceangailte agus searrach lena cois;

Féach an chaibidil Cóip




Matha 21:2
8 Tagairtí Cros  

Agus nuair a bhíodar ag teacht i ngar d’Ierúsalem, agus bhíodar tagaithe go Betphagé i n-aice chnuic Olibhet, ansan do chuir Íosa uaidh beirt deisgiobul,


Agus má deir aoinne aon rud libh abraidh: Tá gnó ag an dTighearna díobh so; agus sgaoilfidh sé libh iad láithreach.


Agus dubhairt Íosa: Téighidh as chathair chun duine áirithe, agus abraidh leis: Deir an Máighistir: Tá m’aimsir i ngoireacht dom; déanfad féin agus mo dheisgiobuil an Cháisg agat-sa.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí