Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 21:1 - An Bíobla Naofa 1981

1 Nuair a bhí siad ag teacht i ngar do Iarúsailéim agus iad tagtha go Béatfaigé i dtreo Chnoc na nOlóg, chuir Íosa beirt dheisceabal uaidh

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

1 Agus nuair a bhí siad ag druidim le hlarúsailéim, agus a shroich siad Bétfagé, agus Cnoc na nOlóg, chuir Íosa beirt dheisceabal uaidh ansin,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

1 Agus nuair a tháinic siad i ngaobhar do Ierusalem, agus shroich siad Betphage, i n-aice le Sliabh na n-Ológ, annsin chuir Íosa beirt dheisciobal uaidh,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Agus nuair do bhíodar ag druidim le h‐Iarúsalem, agus thángadar go Bétfagé, go cnoc na nOla‐chrann, do chuir Íosa uaidh beirt deisceabal, g‐á rádh leo,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

1 Agus an tráth do dhruideadar ré Híarusalem, agus tangadar go Betpháge, go slíabh na noluidheadh, ann sin do chuir Iósa diás deisciobal úadh,

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

1 Agus nuair a bhíodar ag teacht i ngar d’Ierúsalem, agus bhíodar tagaithe go Betphagé i n-aice chnuic Olibhet, ansan do chuir Íosa uaidh beirt deisgiobul,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

1 Nuair a bhí siad ag teacht i ngar dʼIarúsailéim agus iad tagtha go Béatfaigé i dtreo Chnoc na nOlóg, chuir Íosa beirt deisceabal uaidh

Féach an chaibidil Cóip




Matha 21:1
13 Tagairtí Cros  

Ar an lá sin, beidh a chosa ina seasamh go daingean ar Chnoc na nOlóg, áit atá os comhair Iarúsailéim ar an taobh thoir di. Scoiltfear Cnoc na nOlóg anoir siar ag gleann ábhalmhor, agus bogfaidh leath amháin den chnoc ó thuaidh, agus an leath eile ó dheas.


Ghlac Íosa trua dóibh, leag a lámh ar a súile, tháinig a radharc dóibh láithreach agus lean siad é.


ag rá leo: “Téigí isteach sa bhaile atá os bhur gcomhair, agus gheobhaidh sibh láir asail ceangailte agus searrach lena cois;


Agus ina shuí dó ar Chnoc na nOlóg, tháinig na deisceabail chuige ar leithligh agus dúirt siad: “Inis dúinn cén uair a thitfidh an méid sin amach agus cén comhartha a bheidh ann ar do théarnamhsa agus ar dheireadh an tsaoil.”


Tar éis dóibh an t‑iomann a chanadh, chuaigh siad amach go dtí Cnoc na nOlóg.


Agus ina shuí dó ar Chnoc na nOlóg ar aghaidh an Teampaill, chuir Peadar, Séamas, Eoin agus Aindrias ceist chuige ar leithligh:


Tar éis dóibh an t‑iomann a chanadh, chuaigh siad amach go Cnoc na nOlóg.


Bhíodh sé ag teagasc ar feadh an lae sa Teampall, ach san oíche théadh sé amach agus thugadh an oíche ar an gcnoc ar a dtugtar Ola-Choill.


Ar dhul amach dó, chuaigh sé, mar ba ghnáthbhéas dó, go Cnoc na nOlóg. Na deisceabail freisin lean siad é.


Agus chuaigh Íosa go Cnoc na nOlóg.


Ar ais leo ansin go Iarúsailéim ó Chnoc na nOlóg mar a thugtar air, cnoc atá i ngiorracht siúl lá sabóide do Iarúsailéim.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí