Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 19:3 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus tháinig na Fairisínigh chuige ’ghá thriail, agus dubhradar: An dleaghthach do dhuine a bhean do chur uaidh ar gach aon tsaghas cúise?

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Agus tháinig Fairiséigh aníos chuige gur chuir féachaint air ag fiafraí de, “An dleathach do dhuine a bhean a chur uaidh ar gach uile chúis?”

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus tháinic na Fairisínigh chuige, a chur féachála air, agus ag rádh: An ceadmhach do dhuine a bhean a chur ar shiubhal ar gach aon chinéal cúise?

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus tháinig Fairisínigh chuige g‐á thriail, agus iad g‐á rádh, An dleaghthach do dhuine a bhean do chur uaidh ar adhbhar ar bith?

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Tangadar na Pharisínigh chuige an tráthsin, do chur cathuigh air, agus ag rádh ris, An ceaduightheach do dhuine a bhean do léigean trí gach uile adhbhar?

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Tháinig Fairisínigh chuige agus dúirt leis, ag baint trialach as: “An dleathach do dhuine a bhean a scaoileadh uaidh ar gach uile shórt cúise?”

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Tháinig Fairisínigh chuige agus dúirt leis, ag baint trialach as: “An dleathach do dhuine a bhean a scaoileadh uaidh ar gach uile shórt cúise?”

Féach an chaibidil



Matha 19:3
12 Tagairtí Cros  

Ansan do tháinig chuige na Fairisínigh agus na Sadducínigh chun triail a bhaint as; agus d’iarradar air cómhartha ó neamh do thaisbeáint dóibh.


Agus cheistigh duine acu é, ollamh sa dlígh, ag baint trialach as, agus dubhairt:


Agus tháinig na Fairisínigh agus chuireadar an cheist chuige, ’ghá thriail: An dleaghthach do duine a bhean phósta do chur uaidh?


Agus chuireadar chuige cuid de sna Fairisínigh agus de mhuintir Héróid chun buntáiste bhreith air ’n-a chaint.


Ach do chonaic sé an feall a bhí ionta, agus dubhairt sé leó: Cad chuige dhaoibh bheith am’ brath? Tugaidh chugham píosa airgid go bhfeicead é.


Ach ’ghá thriail iseadh a dubhradar an chaint sin le h-ionachus go bhféadfaidís rud éigin a chur ’n-a leith. Agus do chrom Íosa síos agus bhí sé ag sgrí le n-a mhéir ar an dtalamh.