Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 19:4 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Agus do fhreagair sé iad, agus dubhairt: Nár léigheabhair, an t-é chruthuigh an duine ar dtúis, gur chruthuigh sé iad firean agus bainean, agus dubhairt sé:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Ba é a fhreagra, “An é nach bhfuil léite agaibh gur chruthaigh an Cruthaitheoir fireann agus baineann iad i dtús an tsaoil,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

4 Agus dubhairt sé leo, ghá bhfreagairt: An é nár léigh sibh, an té a rinne an duine ar dtús, go ndearna sé fireann agus baineann iad? Agus dubhairt sé:

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus d’fhreagair seisean, agus adubhairt, An é nár léigheabhar, an té do chruthuigh na daoine ó thús, gur chruthuigh sé fireann agus baineann iad, agus go ndubhairt sé,

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus ar bhfreagra dhósan a dubhairt sé ríu, A ne nar léaghabhair, an té do chruthuighe íad ó thus gur fear agus bean do rinne sé íad,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Dʼfhreagair sé agus dúirt: “Nár léigh sibh go ndearna an Cruthaitheoir ó thús iad fireann agus baineann

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

4 D'fhreagair sé agus dúirt: “Nár léigh sibh go ndearna an Cruthaitheoir ó thús iad fireann agus baineann

Féach an chaibidil Cóip




Matha 19:4
15 Tagairtí Cros  

Ach dubhairt seisean leó: An amhlaidh nár léigheabhair cad a dhein Dáibhid nuair a bhí ocras air féin agus ar an muintir a bhí i n-aonfheacht leis?


Dubhairt Íosa leó: Nár léigheabhair riamh sa sgríbhinn: An chloch d’ár dhiúltuigh na saoir, isí atá ’n-a cloich cinn chúinne: Isé an Tighearna do dhein é sin, agus is iongantach é i n-ár súilibh-ne.


Agus d’imthigh na deisgiobuil, agus dheineadar mar a dh’órduigh Íosa dóibh.


Ach, i dtaobh aiseirighe na marbh, nár léigheabhair an rud adubhairt Dia, mar a ndeir sé libh:


Agus an amhlaidh nár léigheabhair an scriptiúir seo, An chloch ná glacfadh na saoir, isí atá ’n-a cloich chinn cúinne;


I dtaobh na marbh, ámhthach, go n-eireóchaid siad, nár léigheabhair i leabhar Mhaoise, conus mar adubhairt Dia leis as an dtor: Is mise Dia Ábrahaim agus Dia Isaaic agus Dia Iacóib.


Agus dubhairt sé leó: An amhlaidh nár léigheabhair riamh cad a dhein Dáibhid nuair ab éigean dó é dhéanamh, nuair a bhí an t-ocras air féin agus ar an muintir a bhí i n-aonfheacht leis?


Agus dubhairt seisean leis: Cad ’tá sgríobhtha sa dlígh? Conus a léigheann tú?


Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt leó: An amhlaidh nár léigheabhair an nídh a dhein Dáibhid nuair a bhí an t-ocras air féin agus ar an muintir a bhí i n’fhochair?


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí