Agus an t-é a ghlac an siól ins na sgeachaibh, siné an t-é a chloiseann an briathar, agus go ndeineann cúram an tsaoghail seo agus mealladh saidhbhris an briathar do mhúchadh, agus bíonn sé gan toradh.
Matha 19:22 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Nuair airigh an t-ógánach an chaint sin, ámhthach, d’imthigh sé agus é go buartha; mar fear ab eadh é go raibh mórán saidhbhir aige. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Nuair a chuala an t‑ógánach an chaint sin dʼimigh sé faoi bhrón, mar ba mhór a mhaoin saolta. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht nuair a chuala an t-óigfhear an chainnt sin, d’imthigh sé fá bhrón; óir ba duine é a raibh saidhbhreas mór aige. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht nuair do‐chuala an t‐ógánach na briathra sin, d’imthigh sé agus cumha air, óir ba dhuine é ag a raibh rachmas mór. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tráth dó chúaluidh an tógánach an comhradhsin, do imthigh sé go dobhrónach: oír do bhí iomad saidbhris aige. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Nuair a chuala an fear óg an chaint sin, bhí buaireamh air agus dʼimigh sé leis, mar bhí mórán de mhaoin an tsaoil aige. An Bíobla Naofa 1981 Nuair a chuala an fear óg an chaint sin, bhí buaireamh air agus d'imigh sé leis, mar bhí mórán de mhaoin an tsaoil aige. |
Agus an t-é a ghlac an siól ins na sgeachaibh, siné an t-é a chloiseann an briathar, agus go ndeineann cúram an tsaoghail seo agus mealladh saidhbhris an briathar do mhúchadh, agus bíonn sé gan toradh.
Tháinig buairt ar an rí; ach mar gheall ar an ndearbhú, agus mar gheall ar an gcuideachtain a bhí láithreach, d’órduigh sé é tabhairt di.
Mar, cad é an tairbhe do dhuine an domhan go léir a bhuachtaint, má dheineann sé a anam féin a chailleamhaint? nó cad í an mhalairt a dhéanfaidh duine ar a anam féin?
Dubhairt Íosa leis: Má’s maith leat bheith beacht, imthigh agus díol amach a bhfuil agat, agus tabhair dos na bochtaibh, agus beidh stór ar neamh agat; agus tar agus lean mise.
Agus dubhairt Íosa le n-a dheisgiobuil: Go deimhin adeirim libh, is deacair do’n duine saidhbhir dul isteach i rígheacht na bhflathas.
Ní féidir d’aoinne rud a dhéanamh ar dhá mháighistir: óir beidh fuath aige do mháighistir acu agus grádh do’n mháighistir eile; nó cuirfidh sé suas le duine acu agus beidh droch-mheas aige ar an nduine eile. Ní féidir daoibh Dia agus Mammon d’fhrithálamh.
Agus do chuir an chaint sin buairt ar an nduine, agus d’imthigh sé fé bhrón; mar duine ab eadh é go raibh a lán saidhbhris aige.
Agus tháinig buairt ar an rí; mar gheall ar an ndearbhú agus ar na daoine a bhí láithreach níor mhaith leis dólás a chur uirthi;
Nuair airigh seisean an méid sin tháinig buairt air, mar fear ana-shaidhbhir ab eadh é.
Go deimhin, deimhin, adeirim libh, go ndéanfaidh sibh caoi agus gol, agus go mbeidh áthas ar an saoghal; agus go mbeidh sibh-se buartha, ach iompófar bhúr mbrón chun áthais.