Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Matha 16:4 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Tá fhios agaibh conus gnúis na spéire do bhreithniú; agus nách féidir libh cómharthaí na h-aimsire dh’aithint? Tá sliocht an uilc agus an adhaltranais ag lorg cómhartha; ach ní tabharfar de chómhartha dhóibh ach cómhartha Iónais Fáidh. Agus d’fhág sé ansan iad agus d’imthigh sé.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Tá an drochghlúin adhaltrach ag iarraidh comhartha, ach ní thabharfar aon chomhartha di ach comhartha Ióna.” Agus thug sé a chúl leo agus dʼimigh leis.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Is eol díbh, mar sin, gnúis na spéire a bhreathnugadh: An é nach dtig libh cómharthaí na linne d’aithne? Iarrann droch-ghlúin adhaltrannach cómhartha, acht ní thabharfar cómhartha dí, acht cómhartha Iónais, fáidh. Agus d’fhág sé iad agus d’imthigh sé.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Bíonn droch‐shliocht adhaltrannach ar lorg cómhartha, acht ní tiubharfar cómhartha dhó, acht cómhartha Iónáis. Agus d’fhág sé iad, agus d’imthigh sé.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Iárraidh an droichchineadh adhaltrannach comhartha; agus ní tiobharthar comhartha dhó, achd comhartha Iónás an fáidh, agus ar ndealughadh ríu, do imthigh sé.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Drochghlúin adhaltrach agus í ag lorg comhartha, agus gan de chomhartha le tabhairt di ach comhartha Ióna”–á bhfágáil ansin agus ag imeacht leis.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Drochghlúin adhaltrach agus í ag lorg comhartha, agus gan de chomhartha le tabhairt di ach comhartha Ióna” - a bhfágáil ansin agus ag imeacht leis.

Féach an chaibidil



Matha 16:4
15 Tagairtí Cros  

Sgaoilidh leó san; giollaí dalla ag dallaibh iseadh iad; agus má dheineann dall giollacht ar dhall, tuitfid siad araon sa díg.


Agus nuair a tháinig a dheisgiobuil treasna na faraige, dhearmhadadar arán a thabhairt leó.


Agus dhein sé osna ’n-a spioraid, agus dubhairt sé: Cad ab áil leis an sliocht san ag lorg cómhartha? Go deimhin a deirim libh, ní tabharfar cómhartha do’n tsliocht san.


Óir an t-é go mbeidh náire air mar gheall orm-sa agus ar mo bhréithre i láthair an tsleachta so atá adhaltranach peacamhail, beidh náire ar Mhac an Duine uime sin nuair a thiocfaidh sé i nglóire a Athar i bhfochair na n-aingeal naomhtha.


Ach bhí na Iúdaígh ’gha bhréagnú go masluightheach. Ansan do chroth sé a chuid éadaigh agus dubhairt sé: Bíod bhúr gcuid fola ar bhúr gceann féin. Táimse glan.


agus le mórán eile focal bhí sé ag deimhniú’ dhóibh agus ag tathant ortha, agus deiread sé: Cimeádaidh sibh féin saor ó’n sliocht aimhleasta so.