Is cosmhail rígheacht na bhflathas le stór a bheadh i bhfolach i bpáirc; agus an t-é a gheibheann é coimeádann sé rún air, agus tré mhéid a áthais imthigheann sé agus díolann sé amach a chuid go léir, agus ceannuigheann sé an pháirc sin.
Matha 13:47 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Airís, is cosmhail rígheacht na bhflathas le líon a curfaí amach sa bhfaraige, agus do bhaileóch’ an uile shaghas éisg; An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) “Arís, is cosúil ríocht na bhflaitheas le líon a caitheadh amach san fharraige agus a rug ar an uile chineál éisc; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Arís is cosamhail ríoghacht na bhflaitheas le saighin a chaitheadh san fhairrge, agus a ghabhas an uile chinéal éisc, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Arís, is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le líon do cuireadh isteach sa bhfairrge, agus do thóg gach uile shórt éisc: An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A ris, is cosmhail ríoghachd neimhe ré lion, ar na theilgean ann sa bhfairge, agus chruínnigheas da gach uile short éisg: An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 “Nó fós, is cosúil Ríocht na bhflaitheas le heangach a cuireadh sa bhfarraige agus a ghabh gach uile shórt. An Bíobla Naofa 1981 “Nó fós, is cosúil ríocht na bhflaitheas le heangach a cuireadh san fharraige agus a ghabh gach uile shórt. |
Is cosmhail rígheacht na bhflathas le stór a bheadh i bhfolach i bpáirc; agus an t-é a gheibheann é coimeádann sé rún air, agus tré mhéid a áthais imthigheann sé agus díolann sé amach a chuid go léir, agus ceannuigheann sé an pháirc sin.
Agus nuair a fuair sé aon phéarla amháin ana-luachmhar, do dhíol sé a raibh aige, agus do cheannaigh sé an péarla san.
Agus nuair a bhí sé lán, gur taraingeadh amach é, agus gur shuidh na daoine ar an dtráigh, agus gur thógadar na h-iasga maithe i n-árthaíbh agus gur chaitheadar amach na droch-iasga.
Agus dubhairt sé leó: Tagaidh am’ dhiaidh-se, agus déanfad iasgairí ar dhaoinibh dhíbh.
Agus mar an gcéadna ar Séamus agus ar Eóin, clann Sebedé, a bhí i bpáirtidheacht le Símón. Agus dubhairt Íosa le Símón: Na bíodh eagal ort. Is ag gabháil daoine a bheidh tú feasda.
Gach géag atá orm agus ná tugann toradh, gearrfaidh sé í; agus gach géag a thugann toradh, glanfaidh sé í, ionus go dtabharfadh sí breis toradh.
An t-é ná fanfaidh ionam-sa, caithfar amach é mar ghéag, agus feóchfaidh sé; agus tógfar é agus caithfar sa teine é, agus loisgfar é.
Agus eireóchaid, oraibh féin, fir a labharfaid neithe tuathalaca, chun deisgiobul a tharrac n’a ndiaidh.