Agus dubhairt sé: Cad leis go samhlóchaimíd rígheacht Dé? nó cad í an tsoluíd le n-a gcuirfeam i gcomparáid é?
Matha 13:32 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ní’l síol ar bith is lúgha ’ná é; ach nuair fhásann sé ní’l glasra ar bith is mó ’ná é, agus dheineann crann dé, i dtreó go dtagaid éanlaithe an aéir agus go neaduighid siad ’n-a ghéagaibh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) is é an síol is lú ar shíolta é, ach nuair a fhásas sé níl tom is mó ná é agus bíonn sé ina chrann, agus tagann éanlaith an aeir a dhéanamh neadacha ina chraobhacha.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Is é is lugha de na síolta uilig é; acht nuair a fhásas sé, is é is mó de na luibheanna go léir, agus éirigheann sé ina chrann, san chruth go dtig éanacha an aeir le cómhnaidhe a dhéanamh ina ghéaga. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) is é sin an síol is lugha d’á bhfuil ann; acht nuair fhásas sé, is é an luibh is mó d’á bhfuil ann, agus éirigheann sé ’n‐a chrann, i dtreo go dtig éanlaithe an aéir agus go neaduighid ’n‐a ghéagaibh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) A sé go deimhin as lúgha do na huile shíoltuibh: gidheadh an tan fhásas sé, a sé is mó do na luibheannaibh, agus do nithear crann de, ionnas go ttigid éanlaith a naiéir agus go ndéanaid a nid ann a ghéagaibh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Is é an gráinnín síl is lú ar bith é, ach nuair a bhíonn sé fásta, bíonn sé ar an gceann is mó de na glasraí agus déantar crann de, a bhféadann éanlaith an aeir dul ar foscadh ina chraobhacha.” An Bíobla Naofa 1981 Is é an gráinnín síl is lú ar bith é, ach nuair a bhíonn sé fásta, bíonn sé ar an gceann is mó de na glasraí agus déantar crann de, a bhféadann éanlaith an aeir dul ar foscadh ina chraobhacha.” |
Agus dubhairt sé: Cad leis go samhlóchaimíd rígheacht Dé? nó cad í an tsoluíd le n-a gcuirfeam i gcomparáid é?
Agus nuair a curtar é, agus go n-eirígheann sé, go mbíonn sé níos mó ’ná aon ghlasara eile, agus go dtagann géaga móra air i dtreó go bhféadaid éanlaithe an aeir cómhnuidhe dhéanamh fé n-a sgáth.
Agus dubhairt sé: Cad leis gur cosmhail rígheacht Dé, agus cad leis go samhlóchad é?
Ins na laethibh sin d’éirigh Peadar ameasg na mbráithre agus dubhairt sé (agus bhí tímpall le céad agus fiche duine cruinnighthe ann):
Agus nuair airighdar é thugadar glóire do Dhia, agus dubhradar leis: Chíonn tú, a bhráthair, cad iad na mílte de sna Iúdaígh atá tar éis creideamhaint, agus tá báidh acu go léir do’n dlighe.