Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leis: Is aoibhinn duit, a Shímóin mhic Ióna, óir ní feóil agus fuil a dh’fhoillsigh duit-se sin, ach m’Athair-se atá ins na flathais.
Matha 13:16 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ach is aoibhinn d’bhúr súilibh-se, óir chíd; agus d’bhúr gcluasaibh, óir cloisid. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach is beannaithe bhur súile, mar feiceann siad, agus is beannaithe bhur gcluasa, mar cluineann siad. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht is beannuighthe bhur súla-sa, de bhrígh go bhfeiceann siad, agus bhur gcluasa de bhrígh go gcluin siad. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht is aoibhinn d’bhúr súilibh‐se, óir do‐chíd: agus do bhúr gcluasaibh, óir do‐chluinid. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd as beannaighthe bhur súilesi, do bhrígh go bhfaicid síad: agus bhur gclúasa, do bhrígh go gcluinid síad. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 “Ach is méanar do bhur súilese mar go bhfeiceann siad agus do bhur gcluasa mar go n-éisteann siad. An Bíobla Naofa 1981 “Ach is méanar do bhur súilese mar go bhfeiceann said agus do bhur gcluasa mar go n‑éisteann siad. |
Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leis: Is aoibhinn duit, a Shímóin mhic Ióna, óir ní feóil agus fuil a dh’fhoillsigh duit-se sin, ach m’Athair-se atá ins na flathais.
Dubhairt Íosa leis: Do chreidis, a Thomáis, mar do chonaicís mé. Is aoibhinn do’n mhuintir na feacaidh, agus do chreid.
Chun a súl a osgailt dóibh ionus go n-iompóchaidís ó’n ndoircheacht chun an tsoluis agus ó chómhacht Shátain chun Dé, ionus go bhfaighdís maitheamhnachas peacaí agus inead ameasg naomh tríd an gcreideam atá ionamsa.