Agus dubhradar: Deir cuid acu gur b’é Eóin Baiste é; agus deir cuid acu gur b’é Elias é; agus deir cuid acu gur b’é Ieremias é, nó duine des na fáidhibh.
Lúcás 9:8 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Gur bh’é Eóin a dh’eirigh ós na mairbh; agus deireadh daoine eile gur bh’é Elias a thaisbeáin é féin; agus deireadh daoine eile gur dhuine éigin de sna sean-fháidhibh a dh’eirigh. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus cuid eile á rá gur nocht Elía, agus tuilleadh ag dearbhú gur fáidh de na seanfháithe a bhí ann a bhí dʼéis éirithe. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Cuid de na daoine, gur éirigh Eoin ó na mairbh; acht deireadh cuid eile, gur thaisbeán Elías é féin; acht deireadh tuilleadh, gurbh é duine de na sean-fháidhe a d’éirigh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus do bhí dream eile g‐á rádh gurbh é Élias do thaisbeán é féin, agus adubhairt dream eile gur aiséirigh duine éigin de na sean‐fháidhibh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus dáoine eile, Gur fhoillsigh Elias é féin; agus dáoine eile, Gur eirséirigh faigh éigin do na seanfháighibh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 ag daoine eile, Éilias a bheith dá thaibhsiú. ag daoine eile fós, fáidh éigin de na sinsir a bheith aiséirithe. An Bíobla Naofa 1981 ag daoine eile, Éilias a bheith á thaibhsiú, ag daoine eile fós, fáidh éigin de na sinsir a bheith aiséirithe. |
Agus dubhradar: Deir cuid acu gur b’é Eóin Baiste é; agus deir cuid acu gur b’é Elias é; agus deir cuid acu gur b’é Ieremias é, nó duine des na fáidhibh.
Agus d’fhiafraigh na deisgiobuil dé: Agus cad chuige go ndeir na Sgríbhneóirí nách foláir Elias do theacht ar dtúis?
Agus deireadh daoine eile: Isé Elias atá ann. Agus deireadh daoine eile: Fáidh iseadh é, mar bheadh duine des na fáidhibh.
Agus d’fhreagradar é agus dubhradar: Eóin Baiste; agus dar le tuille, Elias; agus dar le tuille, aon de sna fáidhibh.
Agus d’fhreagradar-san agus dubhradar: Eóin Baiste; agus deir cuid acu Elias; agus deir tuille acu gurab amhlaidh a dh’eirigh duine de sna sean-fháidhibh.
Agus d’fhiafraigheadar de: Cad eile má ’seadh? An tu Elias? Agus dubhairt sé: Ní mé. An tu an fáidh?