Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 9:6 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus do ghluaiseadar amach mór-thímpal tré sna bailtibh ag craobhsgaoileadh an tSoisgéil agus ag leigheas ins gach aon bhall.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Agus dʼimigh siad leo gur shiúil na bailte beaga as éadan, agus gur chraobhscaoil siad an soiscéal agus gur shlánaigh siad san uile áit.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus ar imtheacht dóibh thaisteal siad na bailte, ag seanmóireacht an tsoiscéil agus ag leigheas i ngach áit.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus d’imthigheadar‐san, agus do ghluaiseadar rómpa ar fud na mbailte mbeag, ag craobhscaoileadh an tsoiscéil, agus ag leigheas ins gach aon bhall.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus do imthigheadarsan, trís agus do ghabhadar na mbailtreach, ag déanamh seanmóra agus ag leigheas ann gach uile bhall.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Agus chuir siad chun bóthair agus ghabh siad ó bhaile go baile ag fógairt an dea-scéil agus ag leigheas i ngach uile áit.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Agus chuir siad chun bóthair agus ghabh siad ó bhaile go baile ag fógairt an dea-scéil agus ag leigheas i ngach uile áit.

Féach an chaibidil



Lúcás 9:6
6 Tagairtí Cros  

Agus do ghluaiseadar-san agus do chraobhsgaoileadar ins gach áit; agus do chabhruigh an Tighearna leó ag neartú a gcainte le mírbhúiltíbh ’ghá leanmhaint.


Agus do thárla, ’n-a dhiaidh san, é féin a bheith ag gabhail tré chatharachaibh agus tré bhailtibh, ag seanmóin agus ag craobhsgaoileadh rígheachta Dé agus an dáréag i n-aonfheacht leis.


Le d’láimh a shíne amach ag déanamh leigheas agus mírbhúiltí agus iongnaí tré ainim do Mhic naomhtha Íosa.


I dtreó gur amach ar na sráidibh, ar thochtaibh agus as shúsaíbh, a curtí na daoine breóite, ionus, nuair a bhead Peadar ag teacht, dá mba ná déanfad ach a sgáil tuitim an dhuine acu go léighisfí ó n-a mbreóiteacht iad.