Óir tiocfaid na laethanta ionat agus cuirfid do namhaid claidhe mór-tímpal ort, agus dúnfaid siad isteach tu agus déanfaid siad cumhangarach ort ó’n uile thaobh.
Lúcás 8:45 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt Íosa: Cé h-é a theangbhaidh liom? Agus do shéan gach aoinne, agus dubhairt Peadar agus an mhuintir a bhí i n’fhochair: A Máighistir, tá an tsluagh ag brúth ort agus at’ chiapadh, agus a’ ndeirir, Cé h-é a theangbhaidh liom? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dúirt Íosa, “Cé hé sin a bhain liom?” Nuair a shéan siad uile go léir, dúirt Peadar leis, “A Mháistir, tá na sluaite do do timpeallú agus ag brú ort!” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt Íosa: Cé h-é bhain liom? Agus nuair a bhí siad uilig ghá shéanadh, dubhairt Peadar agus an méid a bhí leis: A Mháighistir, tá na sluaighte do bhrúghadh agus do chiapadh, agus an abair tú: Cé bhain liom? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt Íosa, Cia h‐é do bhain liom? Agus nuair shéan gach uile dhuine é, adubhairt Peadar agus siad‐san do bhí ’n‐a fhochair, A Mháighistir, atá na sluaighte ag teannadh umat agus ag brúghadh ort. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt Iósa, Cía so do bhean rium? Agus ar na shéana do chách uile, a dubhairt Peadar agus an dream do bhí na fharraidh, A Mhaighisdir, atá an slúagh ad bhrughadh agus ad phluchadh, agus a nabair tú, Cía bhean rium? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach dúirt Íosa: “Cé a bhain liom?” Agus nuair a shéan cách é, dúirt Peadar: “A Mháistir, tá na sluaite timpeall ort agus tá siad ag brú ort.” An Bíobla Naofa 1981 Ach dúirt Íosa: “Cé bhain liom?” Agus nuair a shéan cách é, dúirt Peadar: “A Mháistir, tá na sluaite timpeall ort agus tá siad ag brú ort.” |
Óir tiocfaid na laethanta ionat agus cuirfid do namhaid claidhe mór-tímpal ort, agus dúnfaid siad isteach tu agus déanfaid siad cumhangarach ort ó’n uile thaobh.
Agus d’fhreagair Símón agus dubhairt: A Mháighistir, tá an oidhche caithte againn ag obair, agus níor thógamair aon nídh; ach ó deirir-se é sgaoilfad amach an líon.
Agus thainig sí chuige, lastiar dé, agus chuir sí a lámh ar fhabhra a bhrait, agus do stad an fhuil láithreach bonn aici.
Agus dubhairt sé leó: Tugaidh-se rud le n-ithe dhóibh. Agus dubhradar-san: Ní’l againn ach chúig bulóga agus dhá iasg, murab amhlaidh a raighmís agus bia cheannach do’n tsluagh mhór so go léir.