Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 5:5 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Agus d’fhreagair Símón agus dubhairt: A Mháighistir, tá an oidhche caithte againn ag obair, agus níor thógamair aon nídh; ach ó deirir-se é sgaoilfad amach an líon.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 Agus dʼfhreagair Síomón, “A Mháistir, táimid i ndiaidh bheith ag obair go crua i rith na hoíche aréir agus gan aon ní a ghabháil! Ach ó fuair mé gaoth an fhocail uait ligfidh mé síos na líonta.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

5 Agus d’fhreagair Síomon, agus dubhairt sé leis: A Mháighistir, shaothruigheamar ar feadh na h-oidhche uilig, agus níor ghabhamar dadamh; acht ar d’fhocal-sa leigfidh mé síos an eangach.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Agus d’fhreagair Síomón agus adubhairt, A Mháighistir, Do bhíomar ag obair ar feadh na h‐oidhche, agus níor thógamar éinnidh; acht cheana, ó deirir‐se an focal, cuirfead amach an líon.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Agus ar bhfreagra do Shímon a dubhairt sé ris, A Mhaighisdir, do thuirrsigheamar sinn féin feadh na hoidhche uile, agus níor ghabhamair éin ní: achd cheana ar do bhreithir se cuirfe mé síos an líon.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

5 Dʼfhreagair Síomón agus dúirt: “A Mháistir, thugamar an oíche go léir ag saothrú agus níor thógamar aon ní; ach i ngeall ar dʼfhocalsa, cuirfidh mé amach na líonta.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

5 D'fhreagair Síomón agus dúirt: “A Mháistir, thugamar an oíche go léir ag saothrú agus níor thógamar aon ní; ach i ngeall ar d'fhocalsa, cuirfidh mé amach na líonta.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 5:5
14 Tagairtí Cros  

Agus d’árduigheadar a nglór agus dubhradar: A Íosa, a Mháighistir, déin trócaire orainne.


Agus thánadar chuige agus dhúisigheadar é agus dubhradar: A Mháighistir, tá an dár againn. Agus d’eirigh sé agus do labhair sé leis an ngaoith agus leis na tonnaibh uisge, agus do stadadar agus tháinig ciúnas.


Agus dubhairt Íosa: Cé h-é a theangbhaidh liom? Agus do shéan gach aoinne, agus dubhairt Peadar agus an mhuintir a bhí i n’fhochair: A Máighistir, tá an tsluagh ag brúth ort agus at’ chiapadh, agus a’ ndeirir, Cé h-é a theangbhaidh liom?


Agus do thárla, nuair a bhíodar ag imtheacht uaidh, go ndubhairt Peadar le h-Íosa: A Mháighistir, is maith an bhail orainne bheith anso; agus deinimís anso trí puible, pubal duit-se, agus pubal do Maois, agus pubal d’Elias; agus gan a fhios aige cad a bhí aige dh’á rádh.


Agus d’fhreagair Eóin agus dubhairt: A Mháighistir, chonacamair duine agus é ag cur deamhan amach ad’ ainim-se, agus choisgeamair é, toisg ná gabhann sé linne.


Is sibh-se mo cháirde-se ach go ndéanfaidh sibh na neithe adeirim libh.


Agus dubhairt an mháthair leis na seirbhísigh: Pé rud a déarfaidh sé libh a dhéanamh, deinidh é.


Agus dubhairt Símón Peadar leó: Táim-se ag dul ag iasgaireacht. Dubhradar leis: Raghaimíd-ne leat. Agus d’imthigheadar agus chuadar ar bórd luinge; agus i gcaitheamh na h-oidhche sin níor rugadar as aon iasg.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí