Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 5:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Agus d’fhreagair Síomón agus adubhairt, A Mháighistir, Do bhíomar ag obair ar feadh na h‐oidhche, agus níor thógamar éinnidh; acht cheana, ó deirir‐se an focal, cuirfead amach an líon.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

5 Agus dʼfhreagair Síomón, “A Mháistir, táimid i ndiaidh bheith ag obair go crua i rith na hoíche aréir agus gan aon ní a ghabháil! Ach ó fuair mé gaoth an fhocail uait ligfidh mé síos na líonta.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

5 Agus d’fhreagair Síomon, agus dubhairt sé leis: A Mháighistir, shaothruigheamar ar feadh na h-oidhche uilig, agus níor ghabhamar dadamh; acht ar d’fhocal-sa leigfidh mé síos an eangach.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 Agus ar bhfreagra do Shímon a dubhairt sé ris, A Mhaighisdir, do thuirrsigheamar sinn féin feadh na hoidhche uile, agus níor ghabhamair éin ní: achd cheana ar do bhreithir se cuirfe mé síos an líon.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

5 Agus d’fhreagair Símón agus dubhairt: A Mháighistir, tá an oidhche caithte againn ag obair, agus níor thógamair aon nídh; ach ó deirir-se é sgaoilfad amach an líon.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

5 Dʼfhreagair Síomón agus dúirt: “A Mháistir, thugamar an oíche go léir ag saothrú agus níor thógamar aon ní; ach i ngeall ar dʼfhocalsa, cuirfidh mé amach na líonta.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

5 D'fhreagair Síomón agus dúirt: “A Mháistir, thugamar an oíche go léir ag saothrú agus níor thógamar aon ní; ach i ngeall ar d'fhocalsa, cuirfidh mé amach na líonta.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 5:5
14 Tagairtí Cros  

agus d’éigheadar go h‐árd‐ghlórach, g‐á rádh, A Íosa, a Mháighistir, déan trócaire orainn.


Agus thángadar chuige, agus do dhúisighéadar é, g‐á rádh, A Mháighistir, a Mháighistir, atáimíd d’ár mbádhadh. Agus do dhúisigh sé, agus do bhagair sé ar an ngaoith agus ar ghargaint na tuinne: agus do stadadar agus tháinig ciúnas.


Agus adubhairt Íosa, Cia h‐é do bhain liom? Agus nuair shéan gach uile dhuine é, adubhairt Peadar agus siad‐san do bhí ’n‐a fhochair, A Mháighistir, atá na sluaighte ag teannadh umat agus ag brúghadh ort.


Agus tharla, nuair do bhíodar‐san ag imtheacht uaidh go ndubhairt Peadar le h‐Íosa, A Mháighistir, is maith dhúinn bheith annso: déanaimís trí botha; both dhuit‐se, agus both do Mhaois, agus both d’Élias: agus gan a fhios aige créad do bhí aige d’á rádh.


Agus d’fhreagair Eoin agus adubhairt sé, A Mháighistir, do chonnacamar duine ag cur deamhain amach id’ ainm‐se; agus do choisceamar é, toisc nach leanann sé i n‐éinfheacht linne.


Is sibh‐se mo cháirde má ghníonn sibh a n‐órduighim daoibh.


Adubhairt a mháthair leis na seirbhíseachaibh, Cibé rud adeir sé libh, déanaidh é.


Adubhairt Peadar leo, Atáim‐se ag dul ag iascaireact. Adubhradar‐san leis, Rachaimíd i n‐éinfheacht leat. D’imthigheadar, agus chuadar isteach san mbád: agus níor ghabhadar éinnidh an oidhche sin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí