Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 5:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus nuair do bhí deireadh ráidhte aige, adubhairt sé le Síomón, Buail amach ar an doimhneacht, agus tabhraidh dol eangaighe ag iascach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Agus nuair a bhí deireadh ráite aige, dúirt sé le Síomón, “Cuir amach ar an doimhneacht, agus ligigí síos bhur líonta le gabháil.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

4 Acht nuair a stad sé de chainnt, dubhairt sé le Síomon: Cuir amach ar an doimhneacht, agus leigigidh síos bhur n-eangacha chun gabhála.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus mar do sguir sé do labhairt, a dubhairt sé ré Símón, Déunuigh romhaibh ar an ndubhaigéun, agus leigidh sios bhir líontagh chum gabhála.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Nuair a stad sé de’n chaint dubhairt sé le Símón: Gluais amach fé’n bpoll agus cuiridh amach bhúr líonta chun éisg a tógaint.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Nuair a stad sé den chaint, dúirt sé le Síomón: “Tarraing amach san uisce domhain agus cuirigí amach bhur líonta ag iascach.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

4 Nuair a stad sé den chaint, dúirt sé le Síomón: “Tarraing amach san uisce domhain agus cuirigí amach bhur líonta ag iascach.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 5:4
3 Tagairtí Cros  

Acht, an eagla go dtiubhraimís scannal dóibh, imthigh‐se chum na fairrge, agus caith dubhán, agus tóg an chéad iasc thiocfas aníos; agus nuair fhosclóchas tú a bhéal, do‐gheobhair píosa airgid ann: glac é sin, agus tabhair dhóibh‐sean é ar mo shon‐sa agus ar do shon féin.


Agus d’fhreagair Síomón agus adubhairt, A Mháighistir, Do bhíomar ag obair ar feadh na h‐oidhche, agus níor thógamar éinnidh; acht cheana, ó deirir‐se an focal, cuirfead amach an líon.


Agus adubhairt sé leo, Cuiridh an líon amach ar an taobh dheas de’n bhád, agus do‐gheobhaidh sibh. Do chuireadar, mar sin, agus annsin níor fhéadadar a tharraing, do bhí an oiread sin éisc ans.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí