Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 5:3 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus ag dul isteach dhó i mbád díobh, bád Shíomóin, d’iarr sé air dul amach tamall beag ó’n tír. Agus do shuidh sé síos agus do theagaisc sé na sluaighte ó’n mbád.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Chuaigh sé isteach ansin i mbád acu a bhí le Síomón, agus dʼiarr sé air cur amach giota ón talamh. Shuigh sé ansin agus theagasc sé na daoine ón mbád.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Agus ag dul isteach dó i gcionn de na longa, arbh le Síomon í, d’iarr sé air tarraingt amach giota ó’n talamh. Agus ag suidhe síos dó theagasc sé an sluagh as an luing.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus ar ndul dósan a loing dhíobh, do budh lé Símón, do íarr sé air dul beagán ón tír. Agus ar suidhe dhó do theagaisg sé an pobal as an luing.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Agus chuaidh sé ar bórd luinge acu, long Shímóin, agus d’iarr sé air druidim tamaillín amach ó’n dtír. Agus do shuidh sé agus theagaisg sé na daoine ó ’n luing.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Chuaigh sé isteach i mbád acu, bád Shíomóin, agus dʼiarr air tarraingt amach beagán ón talamh: ansin shuigh, agus thosaigh ag teagasc na sluaite as an mbád.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

3 Chuaigh sé isteach i mbád acu, bád Shíomóin, agus d'iarr air tarraingt amach beagán ón talamh: ansin shuigh, agus thosaigh ag teagasc na sluaite as an mbád.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 5:3
8 Tagairtí Cros  

Agus ag siubhal d’Íosa le h‐ais mara Ghalilé, do chonnaic sé beirt dearbhrátar, Síomón ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias, a dhearbhráthair, do bhí ag cur lín sa bhfairrge: óir do b’iascairí iad.


óir do bhí sé tar éis mórán daoine do leigheas; ar chuma go raibh na daoine ar a raibh aicíd ar bith, go raibh siad ag brúghadh isteach air, ag cuimilt leis.


Agus adubhairt sé le n‐a dheisceablaibh bád beag do choimhéad i gcómhair dhó i gcómhnaidhe, mar gheall ar an sluagh, ar eagla go mbrúghfaidís é;


Agus do chonnaic sé dhá bhád ar imeall an locha: acht do bhí na h‐iascairí imthighthe asta, agus do bhíodar ag nighe a líonta.


Agus tháinig sé isteach sa teampall arís go moch ar maidin, agus tháinig na daoine go léir chuige, agus do shuidh sé síos, agus do bhí sé g á dteagasc.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí