Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Lúcás 5:3 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus ar ndul dósan a loing dhíobh, do budh lé Símón, do íarr sé air dul beagán ón tír. Agus ar suidhe dhó do theagaisg sé an pobal as an luing.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Chuaigh sé isteach ansin i mbád acu a bhí le Síomón, agus dʼiarr sé air cur amach giota ón talamh. Shuigh sé ansin agus theagasc sé na daoine ón mbád.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Agus ag dul isteach dó i gcionn de na longa, arbh le Síomon í, d’iarr sé air tarraingt amach giota ó’n talamh. Agus ag suidhe síos dó theagasc sé an sluagh as an luing.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus ag dul isteach dhó i mbád díobh, bád Shíomóin, d’iarr sé air dul amach tamall beag ó’n tír. Agus do shuidh sé síos agus do theagaisc sé na sluaighte ó’n mbád.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Agus chuaidh sé ar bórd luinge acu, long Shímóin, agus d’iarr sé air druidim tamaillín amach ó’n dtír. Agus do shuidh sé agus theagaisg sé na daoine ó ’n luing.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Chuaigh sé isteach i mbád acu, bád Shíomóin, agus dʼiarr air tarraingt amach beagán ón talamh: ansin shuigh, agus thosaigh ag teagasc na sluaite as an mbád.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 5:3
8 Tagairtí Cros  

Agus a siobhal Diósa, ré táobh fhiarge na Gaililé, do chunnairc sé dias dearbhrathar, Símon da ngoirthear Peadar, agus Aindrías a dhearbhrathair, ag teilgean lín san bhfairge: óir dob íasgairighe iád.


Oír do shlánuigh sé mórán; ionnus gur lingeadar air an mhéid ar a rabhadar easláinteadha, do chum go gcuiméolaidís ris.


Agus a dubhairt seisean ré na dheisciobluibh, long bheag do bheith do ghnáth ag feitheamh air ón tslúagh, ionnus nach brúidhfidís é.


Agus do chonnairc sé dhá luing do bhí ar an loch achd do imthigheadar na híasgaireadha asda, agus do bhíadar ag nighe a líontadh.


Agus táinig sé go moch ar maidín a rís don teampull, agus tangadar an pobal uile chuige; agus ar suidhe dhó, do theagaisg sé íad.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí