Lúcás 5:3 - An Bíobla Naofa 19813 Chuaigh sé isteach i mbád acu, bád Shíomóin, agus d'iarr air tarraingt amach beagán ón talamh: ansin shuigh, agus thosaigh ag teagasc na sluaite as an mbád. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)3 Chuaigh sé isteach ansin i mbád acu a bhí le Síomón, agus dʼiarr sé air cur amach giota ón talamh. Shuigh sé ansin agus theagasc sé na daoine ón mbád. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara3 Agus ag dul isteach dó i gcionn de na longa, arbh le Síomon í, d’iarr sé air tarraingt amach giota ó’n talamh. Agus ag suidhe síos dó theagasc sé an sluagh as an luing. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)3 Agus ag dul isteach dhó i mbád díobh, bád Shíomóin, d’iarr sé air dul amach tamall beag ó’n tír. Agus do shuidh sé síos agus do theagaisc sé na sluaighte ó’n mbád. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)3 Agus ar ndul dósan a loing dhíobh, do budh lé Símón, do íarr sé air dul beagán ón tír. Agus ar suidhe dhó do theagaisg sé an pobal as an luing. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)3 Agus chuaidh sé ar bórd luinge acu, long Shímóin, agus d’iarr sé air druidim tamaillín amach ó’n dtír. Agus do shuidh sé agus theagaisg sé na daoine ó ’n luing. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 20123 Chuaigh sé isteach i mbád acu, bád Shíomóin, agus dʼiarr air tarraingt amach beagán ón talamh: ansin shuigh, agus thosaigh ag teagasc na sluaite as an mbád. Féach an chaibidil |