Ach dubhairt Dia leis: A amadáin, éileófar t’anam ort anocht féin, agus cé aige go mbeidh a bhfuil cruinnighthe agat?
Lúcás 6:25 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Is mairg daoibh-se atá sáitheach, óir beidh sibh ocrach. Is mairg daoibh-se atá anois ag gáirí, óir beidh sibh ag gol agus ag caoi. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) “Is mairg daoibh atá sách anois, mar beidh an t‑ocras oraibh. “Is mairg daoibh atá ag gáire anois, mar beidh sibh ag déanamh bróin agus ag sileadh deor. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Is mairg díbh-se, a bhfuil bhur sáith agaibh, óir béidh ocras oraibh. Is mairg díbh-se, atá ag gáiridhe anois, óir béidh sibh ag caoineadh agus ag gol. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Is mairg daoibh‐se atá sáitheach anois! óir béidh ocras oraibh. Is mairg daoibh‐se atá ag gáiridhe anois! óir béidh sibh ag caoi agus ag gol. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) As anáoibhinn dáoibh a dháoine atá sáitheach! óir biáidh ocras orúibh. As anáoibhinn dáoibh a dháoine atá a gáirighe a nois! óir cáoifidhe agus goilfidhe. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 “Is mairg daoibhse atá sách anois, óir beidh ocras oraibh. “Is mairg daoibhse a dhéanann gáire anois, óir déanfaidh sibh brón agus gol. An Bíobla Naofa 1981 “Is mairg daoibhse atá sách anois, óir beidh ocras oraibh. “Is mairg daoibhse a dhéanann gáire anois, óir déanfaidh sibh brón agus gol. |
Ach dubhairt Dia leis: A amadáin, éileófar t’anam ort anocht féin, agus cé aige go mbeidh a bhfuil cruinnighthe agat?
Ansan a bheidh an gol agus an díosgán fiacal, nuair a chífidh sibh Ábraham agus Isaac agus Iácób agus na fáidhe go léir istigh i rígheacht Dé, agus sibh féin díbeartha amach.
Is mairg daoibh nuair a bheid na daoine ag beannachtaí oraibh, óir sin mar a dheineadh a sínsear leis na fáidhibh fallsa.