Agus nuair airigh na deisgiobuil an guth, do thuiteadar ar a n-aghaidh, agus eagla mór ortha.
Lúcás 5:8 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Nuair a chonaic Símón Peadar an nídh sin do chaith sé é féin ag glúinibh Íosa, agus dubhairt: Imthigh uaim, a Thighearna, mar is duine peacamhail mé. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach nuair a chonaic Síomón Peadar sin, thit sé síos ag glúine Íosa, agus é á rá, “Imigh uaim, mar is peacúil an duine mé, a Thiarna.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a chonnaic Síomon Peadar seo, thuit sé síos ag glúna Íosa, ag rádh: Imthigh uaim, óir is duine peacthach mé, a Thighearna. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht nuair do chonnaic Síomón Peadar sin, do thuit sé ag glúnaibh Íosa, agus adubhairt sé, Imthigh uaim, a Thighearna, mar is duine peacamhail mé. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus an tan do chonnairc Símon Peadar so, do shléuchd sé ag giúinibh Iósa, ag rádh, Imthigh úaim a Thighearna; óir is duine peacthach mé. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Nuair a chonaic Síomón Peadar é sin, chaith sé é féin ag glúine Íosa ag rá: “Imigh uaim, a Thiarna, mar is peacach mé.” An Bíobla Naofa 1981 Nuair a chonaic Síomón Peadar é sin, chaith sé é féin ag glúine Íosa ag rá: “Imigh uaim, a Thiarna, mar is peacach mé.” |
Agus nuair airigh na deisgiobuil an guth, do thuiteadar ar a n-aghaidh, agus eagla mór ortha.
Agus chuadar isteach sa tigh, agus fuaradar an leanbh agus a mháthair, Muire, agus shléachtadar dó agus d’adhradar é; agus d’osgaladar a gcuid stóir, agus thugadar bronn-tanas dó, ór agus túis agus mirr.
Agus dubhairt an taoiseach céad: A Thighearna, ní fiú mise go dtiocfá fé m’ dhíon; ach abair an focal amháin agus beidh mo bhuachaill slán.
Agus do bhagradar ar a gcáirde a bhí sa luing eile teacht agus congnamh a thabhairt dóibh. Agus do thánadar, agus do líonadar an dá luing, i dtreó go rabhadar nách mór ag dul fé uisge.
Óir do tháinig uathbhás air féin agus ar a raibh i n’ fhochair, mar gheall ar an ngabháil iasg a bhí tógtha acu;
Ach nuair a tháinig Máire chun na h-áite ’n-a raibh Íosa agus nuair a chonaic sí é, do chaith sí í féin agá chosaibh agus dubhairt sí leis: A Thighearna, dá mbeithéa anso ní bheadh mo dhritháir marbh.