Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 5:3 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus chuaidh sé ar bórd luinge acu, long Shímóin, agus d’iarr sé air druidim tamaillín amach ó’n dtír. Agus do shuidh sé agus theagaisg sé na daoine ó ’n luing.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Chuaigh sé isteach ansin i mbád acu a bhí le Síomón, agus dʼiarr sé air cur amach giota ón talamh. Shuigh sé ansin agus theagasc sé na daoine ón mbád.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus ag dul isteach dó i gcionn de na longa, arbh le Síomon í, d’iarr sé air tarraingt amach giota ó’n talamh. Agus ag suidhe síos dó theagasc sé an sluagh as an luing.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus ag dul isteach dhó i mbád díobh, bád Shíomóin, d’iarr sé air dul amach tamall beag ó’n tír. Agus do shuidh sé síos agus do theagaisc sé na sluaighte ó’n mbád.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus ar ndul dósan a loing dhíobh, do budh lé Símón, do íarr sé air dul beagán ón tír. Agus ar suidhe dhó do theagaisg sé an pobal as an luing.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Chuaigh sé isteach i mbád acu, bád Shíomóin, agus dʼiarr air tarraingt amach beagán ón talamh: ansin shuigh, agus thosaigh ag teagasc na sluaite as an mbád.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Chuaigh sé isteach i mbád acu, bád Shíomóin, agus d'iarr air tarraingt amach beagán ón talamh: ansin shuigh, agus thosaigh ag teagasc na sluaite as an mbád.

Féach an chaibidil



Lúcás 5:3
8 Tagairtí Cros  

Agus bhí Íosa ag siubhal i n-aice mara Ghaililí, agus chonaic sé beirt drithár, Símón, ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias, a dhritháir, agus iad ag cur lín amach sa bhfaraige (mar iasgairí ab eadh iad),


Óir bhí mórán daoine aige ’á leigheas, agus bhí na daoine go raibh aon ghearán ortha ag brúth isteach air a d’iarraidh teangabháil leis;


Agus dubhairt sé le n-a dheisgiobuil long bheag a choimeád dó, mar gheall ar an sluagh, le h-eagla go mbrúthfaidís é.


Agus do chonaic sé dhá luing ’n-a stad ag imeall an locha; mar bhí na h-iasgairí tagaithe i dtír agus iad ag nighe a líonta.


Agus tháinig sé isteach sa teampul airís go moch ar maidin, agus tháinig na daoine go léir ag triall air agus do shuidh sé agus bhí sé ’ghá dteagasg.