Agus tháinig an t-Áirseóir agus dubhairt sé leis: Má’s tu Mac Dé órduigh arán a dhéanamh des na clochaibh sin.
Lúcás 4:3 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt an diabhal leis: Má’s tu Mac Dé abair leis an gcloich seo go ndéanfadh arán di. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Is é a dúirt an diabhal leis, “Más tú Mac Dé, ordaigh don chloch seo bheith ina harán.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt an diabhal leis: Má’s Mac Dé thú, abair leis an chloich seo a bheith ina h-arán. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus adubhairt an diabhal leis, Má’s tú Mac Dé, abair leis an gcloich seo go ndéantar arán dí. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt an Díabhal ris, Más tú Mac Dé, abair ris an gcloichsi bheith na harán. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Dúirt an diabhal leis: “Más tú Mac Dé, abair leis an gcloch seo arán a dhéanamh di féin.” An Bíobla Naofa 1981 Dúirt an diabhal leis: “Más tú Mac Dé, abair leis an gcloch seo arán a dhéanamh di.” |
Agus tháinig an t-Áirseóir agus dubhairt sé leis: Má’s tu Mac Dé órduigh arán a dhéanamh des na clochaibh sin.
Agus gur thúirling an Spioraid Naomh air i riocht corpartha, mar bheadh colúr, agus tháinig guth as an spéir: Is tusa mo Mhac dílis; is ort atá mo ghreann.
Ar feadh dachad lá, agus do cuireadh cath air ó’n annsprid; agus níor ith sé bia i gcaitheamh na h-aimsire sin; agus nuair a bhí an aimsir caithte tháinig ocras air.
Agus d’fhreagair Íosa é: Tá sgríobhtha: Ní h-ar arán amháin a mhaireann an duine ach ar gach briathar a thagann ó Dhia.