Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 24:4 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus do thárla, nuair a bhí an alltacht ortha mar gheall air sin, go raibh, féach, beirt fhear ’n-a seasamh ’n-a n-aice agus éadach lonnrach ortha.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Nuair a bhí siad in amhras faoi sin, bʼshiúd beirt fhear ina seasamh rompu in éadaí solasta;

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus thárla, nuair a bhí uathbhás ortha ina n-aigne fá sin, féach, bhí beirt fhear ina seasamh ag a dtaoibh agus éadach lonnrach ortha.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus tharla, nuair do bhí mearbhall ortha ’n‐a thaobh sin, gur, féach, do sheas beirt fhear ’n‐a n‐aice, agus éadaighe lonnracha ortha:

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus tárla, gur ghabh úathbhás íad fán ní sin, agus féuch, do sheasadar días fear na naice a néaduighibh dealruightheacha:

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Bhí ceist orthu faoin méid sin, ach lena linn sin bhí beirt fhear ansiúd láimh leo agus éadach dealraitheach orthu.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Bhí ceist orthu faoin méid sin, ach lena linn sin bhí beirt fhear ansiúd láimh leo agus éadach dealraitheach orthu.

Féach an chaibidil



Lúcás 24:4
9 Tagairtí Cros  

Agus chuadar isteach sa tuama agus chonacadar an fear óg ’n-a shuidhe ar thaobh na lámha deire agus éide gheal uime, agus tháinig eagal ortha.


Agus féach, tháinig aingeal ó’n dTighearna agus sheasaimh sé ’n-a n-aice, agus do las solus Dé ’n-a dtímpal, agus tháinig eagla mór ortha.


Agus tháinig eagal ortha, agus chromadar a n-agaidh chun an tailimh, agus dubhradar-san leó: Cad chuige dhaoibh bheith ag lorg an bheó ameasg na marbh?


Agus an fhaid a bhíodar ag féachaint air agus é ag imtheacht suas an neamh, féach, bhí beirt fhear ’n-a seasamh ’n-a n-aice agus éadach geal ortha, Agur dubhradar:


Agus féach, do sheasaimh aingeal ó’n d-Tighearna i n-aice leis, agus do las solus sa tseómra, agus do bhuail an t-aingeal sa chliathán é agus dhúisgh sé é, agus dubhairt sé: Éirigh d’urchar! Agus do thuit na slabhraí d’á lámhaibh.