Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Gníomhartha 12 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)


CAIBIDIOL XII. Géarleanmhaint Héróid. Peadar dá fhuasgailt aingeal. Pionós ar Héród.

1 Le linn na h-aimsire céadna do chuir Héród, an rí, á lámha chun uilc a dhéanamh ar chuid de mhuinntir na h-eagailse.

2 Agus do mhairbh sé Séamus, dritháir Eóin, le claidheamh.

3 Ansan, nuair a chonnaic sé gur thaithn an gníomh san leis na Iúdaígh cheap sé Peadar leis do ghabháil. I laethibh an aráin gan giost ab eadh é ámhthach.

4 Do ghaibh sé é agus chuir sé i bhpríosún é agus chuir sé cheithre ceathrair de lucht airm ’ghá chimeád, chun go dtabharfadh sé i láthair an phobuil é tar éis na cásga.

5 Ansan bhí Peadar sa phríosún, fé chimeád, ach bhí úrnuighthe ag dul suas chun Dé ar a shon, gan stad, ó’n eaglais go léir.

6 Agus nuair a bhí Héród chun é thabhairt os cómhair ná ndaoine, bhí sé an oidhche chéadna san ’n-a luighe idir bheirt lucht airm, agus é ceangailte le dhá shlabhra. agus bhí lucht cimeádta lasmuich de’n dorus ag cimeád an phríosúin.

7 Agus féach, do sheasaimh aingeal ó’n d-Tighearna i n-aice leis, agus do las solus sa tseómra, agus do bhuail an t-aingeal sa chliathán é agus dhúisgh sé é, agus dubhairt sé: Éirigh d’urchar! Agus do thuit na slabhraí d’á lámhaibh.

8 Agus dubhairt an t-aingeal leis: Cuir umat do chrios agus do bhróga Agus do dhein. Agus dubhairt sé leis: Cuir umat do bhrath agus lean me.

9 Agus bhí sé ’ghá leanmhaint amach, agus ní raibh ’fhios aige gur bh’fhíor gur bh’aingeal a bhí ’gá dhéanamh; ach is amhlaidh a cheap sé gur bh’aisling a bhí aige dá fheisgint.

10 Agus chuadar thar an gcéad lucht faire agus thar an tarna lucht faire, agus thánadar chun an gheata iarainn, an geata chun na catharach, agus d’osgail an geata uaidh féin dóibh. Chuadar amach agus shiúbhluigheadar aon tsráid amháin, agus ansan d’imthigh an t-aingeal go h-obann uaidh.

11 Ansan do tháinig Peadar chuige féin agus dubhairt sé: Tá fhios agam anois go fíor gur b’é an Tighearna do chuir a aingeal chugham ’am fhuasgailt a’ láimh Héróid agus ó gach nídh ’na bhfuil an pobhul Iúdach ag súil leis.

12 Ansan, as a mhachtnamh, tháinig sé chun tighe Mháire, máthair Eóin ar a dtugtí Marcus, agus bhí mórán daoine cruinnighthe ann agus iad ag déanamh úrnuighthe.

13 Bhuail sé cómhla an doruis. Tháinig amach, ’ghá fhreagairt, cailín ’nar bh’ainim di Rodé.

14 Agus d’aithin sí guth Peadair, agus le méid an áthais a bhí uirthi níos osgail sí an dorus ach do rith sí isteach agus d’innis sí go raibh Peadar ag an ndorus.

15 Dubhradar-san léi: Ar buile ataoí. Ach dubhairt sisi gur bh’fhíor é. Agus dubhradar-san: Isé a aingeal atá ann.

16 Ach do lean Peadar ag bhualadh. Ansan nuair osgaladar agus chonnacadar é bhí uathbhás ortha.

17 Ach do bhagair sé le n-a láimh ortha éisteacht, agus d’innis sé dhóibh conus a thug Dia amach as an bpríosún é, agus dubhaint sé: Innis na neithe sin do Shéamus agus do sna bhráithribh! Agus chuaid sé amach agus d’imthigh sé go h-áit eile.

18 Nuair a tháinig an lá bí céimighrád nár bheag imeasg na saighdiúirí i dtaobh cad a bhí imighthe ar Pheadar.

19 Agus nuair a dh’iarr Héród é agus ná raibh sé le fághail chuir sé ceistiú ar an lucht cimeádta agus d’órduigh sé iad do chur chun báis, agus d’imthig sé síos ó Iúdaea go Caesaréa agus d’fhan sé ann.

20 Agus bhí fearg air chun muinntire Tuíre agus chun muinntire Shídón. Thánadar-san ámhthach, do thoil a chéile, ag triall air, agus dheineadar muinntearthas le Blastus, fear seómra an rí, agus d’iarradar siothcháin, toisg a dtír féin a bheith d’á chothú ó’n rí.

21 Ansan, lá a bhí ceapaithe chuige, bhí Héród ’n-a shuidhe sa tsuidhe breithe agus éadach ríoghdha uime agus dhein sé óráid dóibh.

22 Agus deireadh na daoine, ’ghá mholadh: Ni guthana ó dhuine iad ach guthana ó dhia éigin.

23 Ansan, láithreach bonn, do bhuail aingeal an Tighearna é, toisg nár thug sé an onóir do Dhia, agus dhein bró phiastaí dhé agus iad ’á dh’ithe, agus fuair sé bhás.

24 Agus d’fhás briathar an Tighearna agus do méadúigheadh é.

25 Agus tháinig Barnabas agus Saul thar n-ais ó Ierúsalem nuair a bhí a bhfrithálamh déanta acu, agus thugadar leó Eóin ar a dtugtí Marcus.

historic text maintained by the Bible Society.

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí