Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Gníomhartha 12:3 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

3 Ansan, nuair a chonnaic sé gur thaithn an gníomh san leis na Iúdaígh cheap sé Peadar leis do ghabháil. I laethibh an aráin gan giost ab eadh é ámhthach.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 agus nuair a chonaic sé gur thaitin sin leis na Giudaigh, rinne sé Peadar a ghabháil freisin. Tharla sin in am laethanta an Aráin gan Laibhín.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

3 Agus ar fheiceáil dó gur thaitin sin leis na h-Iúdaigh, chuir sé roimhe Peadar a ghabháil fosta. Agus b’iad laethe an aráin gan deascaidh a bhí ann.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Agus ar n‐a fheicsin dó gur thaithnigh sin leis na h‐Iúdachaibh, do chinn sé ar Pheadar do ghabháil, leis. Agus laethe an aráin gan laibhín do bhí ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agus ar bhfaicsin dó gur thaitin sin ris na Iúdaighibh, do chuir sé roimhe Peadar do ghabháil mar an gcéudna. Achd do bhádar láethe a naráin gan laibhín ann.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Nuair a chonaic sé gur thaitin sin leis na Giúdaigh, chinn sé ar Pheadar a ghabháil chomh maith. Laethanta an tslim-aráin a bhí ann,

Féach an chaibidil Cóip




Gníomhartha 12:3
18 Tagairtí Cros  

An chéad lá, ámhthach, de laethantaibh féile an aráin gan giost tháinig a dheisgiobuil chun Íosa, agus dubhradar: Cár mhaith leat go ndéanfaimís an cháisg d’ollamhú dhuit le caitheamh?


Óir bá mhó acu glóire daoine ’ná glóire Dé.


D’fhreagair Íosa: Ní bheadh aon nídh ar do chumas am’ aghaidh mura mbeadh gur tugadh duit é ó’n áit thuas. Uime sin an t-é a thug suas duit mé, is mó an peaca atá air.


Go deimhin, deimhin, adeirim leat, nuair a bhís níb’ óige, churthá féin do chrios umat agus do shiúbhalthá sa n-áit ba thoil leac; ach nuair a chríonóchair, sínfir amach do lámha agus cuirfidh duine eile do chrios umat agus seólfaidh sé thu sa n-áit nách toil leat.


Do ghaibh sé é agus chuir sé i bhpríosún é agus chuir sé cheithre ceathrair de lucht airm ’ghá chimeád, chun go dtabharfadh sé i láthair an phobuil é tar éis na cásga.


Ansan d’eirigh Peadar ’n-a sheasamh, agus an t-aoinne déag taoíbh leis, agus d’árduigh sé a ghlór agus do labhair sé leó: A fheara Iúdacha agus sibhse go léir, a lucht comhnuighthe Ierúsalem, bíodh ’fhios agaibh an méid seo, agus glacaibh i nbhúr gcluasaibh mo chainnt!


Agus do chuamair-ne ar luing ó Philippí, tar éis laethanta an aráin gan giost, agus bhíomair chúig lá ag teacht go Tróás agus d’fhanamair ann seacht lá.


Ach d’imthig dhá bhlain, agus tháinig Portius Féstus i n-inead Fhéilics. Agus mar shásamh ar na Iúdaígh d’fhág Féilics Pól sa phríosún.


Ba mhian le Féstus, ámh, comaoine chur ar na Iúdaígh agus dubhairt sé, ag freagairt Phóil: an maith leat dul suas go Ierúsalem agus go dtabharfí breith ort ansan am láthair-se, i dtaobh na neith seo? Annsan dubhairt Pól: Táim am sheasam ag tribiúnal Chaesair.


Ansan, nuair a chonnacadar Peadar agus Eóin agus iad chómh seasamhach, agus nuair a fuaradar gur dhaoine iad a bhí gan tabhairt suas, gan foghluim, bhí iongna ortha; agus d’aithníghdar iad, go mbídís i bhfochair Íosa;


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí