D’imthigh na Fairisínigh amach, ámhthach, agus chuadar i gcómhairle ’n-a choinnibh chun a mhairbhthe.
Lúcás 22:2 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus bhí uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí ag cuimhneamh ar conus a thiocfaidís ar Íosa chur chun bháis; ach bhí eagla na ndaoine ortha. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus bhí na hardsagairt agus na scríobhaithe ag iarraidh caoi a fháil lena chur chun báis; mar bhí eagla orthu roimh na daoine. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus bhí uachtaráin na sagart agus na Scríobhaidhthe ar lorg slighe ina gcuirfeadh siad Íosa chun báis; acht bhí eagla roimh na daoine ortha. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaidhthe ag iarraidh cionnas chuirfidís chum báis é; óir do bhí eagla na ndaoine ortha. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do bhí úachdarain na sagart agus na sgríobuidhe ag íarruidh cionnus do mhuirfidís eision; oir do bhí eagla an phobuil orrtha. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ag féachaint conas a chuirfidís de dhroim na slí é, óir bhí eagla an phobail orthu. An Bíobla Naofa 1981 Agus bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ag féachaint conas a chuirfidís de dhroim na slí é, óir bhí eagla an phobail orthu. |
D’imthigh na Fairisínigh amach, ámhthach, agus chuadar i gcómhairle ’n-a choinnibh chun a mhairbhthe.
Nuair a chonaic an lucht saothruighthe an mac, dubhradar eatartha féin: Sidé an t-oighre; téanam agus marbhuighmís é, agus beidh an oighreacht againn.
Is eól daoibh go mbeidh an Cháisg ann tar éis dhá lá, agus tabharfar Mac an Duine suas chun a chéasda.
Agus i gcionn dá lá bhí féile na Cásga agus an aráin gan giost le bheith ann, agus bhí uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí ’ghá chuimhneamh conus a dhéanfaidís breith air agus é chur chun báis.
Agus bhí uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí a d’iarraidh a lámh do chur air láithreach, ach bhí eagla na ndaoine ortha; óir bhí fhios acu gur chúcha féin an tsoluíd a labhair sé.
Agus thug na h-árdshagairt agus na Fairisínigh órdú, da mbeadh fhios ag aoinne cá raibh sé, é dh’innsint, i dtreó go mbéarfaidís air.
Óir do tháinig i gceann a chéile, go fíor, sa chathair seo, i n-aghaidh do Mhic naomhtha Íosa ar an chuiris onga, Héród agus Pontius Pílát, agus na geinte agus pobul Israéil,