Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 22:2 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus do bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaidhthe ag iarraidh cionnas chuirfidís chum báis é; óir do bhí eagla na ndaoine ortha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 Agus bhí na hardsagairt agus na scríobhaithe ag iarraidh caoi a fháil lena chur chun báis; mar bhí eagla orthu roimh na daoine.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

2 Agus bhí uachtaráin na sagart agus na Scríobhaidhthe ar lorg slighe ina gcuirfeadh siad Íosa chun báis; acht bhí eagla roimh na daoine ortha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Agus do bhí úachdarain na sagart agus na sgríobuidhe ag íarruidh cionnus do mhuirfidís eision; oir do bhí eagla an phobuil orrtha.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Agus bhí uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí ag cuimhneamh ar conus a thiocfaidís ar Íosa chur chun bháis; ach bhí eagla na ndaoine ortha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 Agus bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ag féachaint conas a chuirfidís de dhroim na slí é, óir bhí eagla an phobail orthu.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

2 Agus bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ag féachaint conas a chuirfidís de dhroim na slí é, óir bhí eagla an phobail orthu.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 22:2
12 Tagairtí Cros  

Acht d’imthigh na Fairisínigh amach, agus do chuadar i gcómhairle le chéile ’n‐a choinnibh, chum go millfidís é.


Acht na scológa, nuair do chonnacadar an mac, adubhradar eadortha féin, Is é seo an t‐oighre, téanam, marbhaimís é, agus glacaimís a oighreacht.


Atá a fhios agaibh go mbéidh an cháisc ann tar éis dá lá, agus go dtabharfar Mac an Duine suas d’á chéasadh.


Agus i gcionn dá lá do bhí féile na Cásca agus an aráin gan laibhín ann: agus do bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaidhthe ’g‐a bheartú cionnas do bhéarfaidís air le feall, le n‐a mharbhadh: óir adubhradar,


Agus do bhí na scríobhaidhthe agus uachtaráin na sagart ag iarraidh greim láimhe d’fhágháil air an t‐am sin féin; agus do bhí eagla an phobail ortha: óir ba léir dhóibh gurab ’n‐a n‐aghaidh féin d’innis sé an tsamhlaoid sin.


Agus do bhí órdú tugtha ag uachtaránaibh na sagart agus ag na Fairisíneachaibh, dá mb’ eol d’aoinneach cá raibh sé, a innsin, go ngabhfaidís é.


óir is dearbh gur chruinnigh le chéile san gcathair seo, Ioruath agus Point Píoláid, maille leis na Geintibh agus le treabhaibh Israel, i n‐aghaidh do Sheirbhísigh naomhtha Íosa,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí