Matha 21:38 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)38 Nuair a chonaic an lucht saothruighthe an mac, dubhradar eatartha féin: Sidé an t-oighre; téanam agus marbhuighmís é, agus beidh an oighreacht againn. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)38 Ach nuair a chonaic na tionóntaí an mac, dúirt siad ina n‑intinn féin, ‘Is é seo an t‑oidhre; tagaigí go maraímid é ionas go mbeidh a oidhreacht againne.’ Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara38 Acht nuair a chonnaic na feirmeoirí an mac, dubhairt siad eatortha féin: Is é seo an t-oighre; Taraigidh, marbhamaois é, agus béidh a oighreacht againn. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)38 Acht na scológa, nuair do chonnacadar an mac, adubhradar eadortha féin, Is é seo an t‐oighre, téanam, marbhaimís é, agus glacaimís a oighreacht. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)38 Agus ar bhfaicsin an mhic do ba sgológaibh, a dubhradar eatorra féin, A sé so an toíghre; tigidh, marbham é, agus congbham a oidhreachd. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201238 Ach nuair a chonaic na curadóirí an mac, dúirt siad le chéile: ‘Is é seo an t-oidhre; seo, maraímis é, agus bíodh a oidhreacht againn féin,’ Féach an chaibidil |