Lúcás 20:5 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus bhíodar ag machtnamh ’n-a n-aigne, agus dubhradar leó féin: Má deirimíd gur bh’ ó neamh é déarfaidh sé: Cad ’n-a thaobh nár chreideabhair é, má seadh? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus chuaigh siad á chíoradh le chéile, agus iad á rá, “Má deirimid féin ‘Ó neamh,’ is é a déarfas seisean, ‘Cad chuige nár chreid sibh é?’ Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht mheabhruigh siad-san eatortha féin, ag rádh: Má deirimíd: Ó neamh, déarfaidh sé: Cad chuige, ar an adhbhar sin, nár chreid sibh é? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do‐rinneadar conspóid le n‐a chéile, g‐á rádh, Má déarfaimíd, Ó neamh; adéarfaidh seisean, An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do bhádarsan ag tagra eatarra féin, ag rádh, Má dermíd, O neamh; déara seisean, Créd fá nar chreideabhairsi dhó? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach bhí siad ag suaitheadh an scéil eatarthu, dá rá: “Má deirimid: ‘Ó Neamh,’ déarfaidh sé: ‘Cad chuige nár chreid sibh ann?’ An Bíobla Naofa 1981 Ach bhí siad ag suaitheadh an scéil eatarthu, á rá: “Má deirimid: ‘Ó neamh,’ déarfaidh sé: ‘Cad chuige nár chreid sibh ann?’ |
Cá dtáinig an baiste a dhein Eóin? an ó neamh a tháinig sé, nó an ó dhaoinibh? Agus dheineadar-san machtnamh eatartha féin, agus dubhradar:
Agus má deirimíd gur bh’ ó daoine é geobhaid na daoine go léir do chlochaibh ionainn, óir is deimhin leó gur fáidh Eóin.
Sidé an t-é ar a ndubhart: Tá fear ag teacht am’ dhiaidh, agus do luadhadh rómham é, óir do bhí sé rómham;
Agus thánadar ag triall ar Eóin agus dubhradar leis: A Rabbí, an t-é úd a bhí ad’ fhochair-se lastall de’n Iórdan agus gur dheinis fiadhnaise dhó, féach, tá sé sin ag déanamh baiste agus táid na daoine go léir ag dul ag triall air.
An t-é a chreideann sa Mhac tá an bheatha shíoruidhe aige; an t-é, ámhthach, a dhiúltuigheann do chreideamhaint sa Mhac ní fheicfidh sé an bheatha, ach tá fearg Dé socair air.
Agus nuair a bhi Eóin ag cómhlíonadh a chuarda dubhairt sé: Ni mise an t-é is dóigh libh is mé, ach féach tá ag teacht am dhiaidh an t-é nach fiú mé bróga a chos do sgaoile.