Do thárla, ámhthach, ins na laethibh sin go ndeaghaidh reacht amach ó Chaesar August go ndéanfaí áireamh ar an ndomhan go léir.
Lúcás 2:5 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Chun go ndéanfaí é dh’áireamh i n-aonfheacht le Muire, a bhan-chéile a bhí ag iompar clainne. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) chun go gclárófaí é féin agus Muire an bhean a raibh lámh agus focal idir é agus í, agus í ag iompar clainne. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Chun go ndéantaí a áireamh i n-aoinfheacht le Muire, a bhainchéile, a bhí ag iomchar cloinne. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) chum go n‐áirmhfidhe é mar aon le Muire, a bhainchéile do bhí ag iomchar clainne. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ionnus go measfuigh é maille ré Muire do bhi ar na ceangal ris mar mhnáoi, ar mbeith dhi torrach. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 chun a chláraithe mar aon le Muire, a bhean chéile, a bhí ag iompar clainne. An Bíobla Naofa 1981 chun a chláraithe mar aon le Muire, a bhean chéile, a bhí ag iompar clainne. |
Do thárla, ámhthach, ins na laethibh sin go ndeaghaidh reacht amach ó Chaesar August go ndéanfaí áireamh ar an ndomhan go léir.
Agus do ghluais na daoine go léir chun go ndéanfaí iad d’áireamh, gach aoinne ’n-a chathair féin.
Agus chuaidh Ióseph ó Ghaililí, ó chathair Nasareit, suas go Iúdaéa, go cathair Dháibhid ar a dtugtar Betlehem, toisg go mba de theaghlach agus de shliocht Dáibhid é.