Agus dubhairt seisean leó ’ghá bhfreagra: An bhfeiceann sibh na neithe sin go léir? Go deimhin adeirim libh, ní fágfar anso cloch ar muin cloiche gan raobadh.
Lúcás 19:44 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus déanfaid siad thu threasgairt ar an dtalamh, tu féin agus do chlann atá ionat, agus ní fhágfaid siad cloch ar muin cloiche ionat, toisg nár aithnighis an t-am ’n-a dtáinig Dia chúghat. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus a leagfaidh siad go lár thú, tú féin agus do chlann ionat istigh, agus ní fhágfaidh siad cloch ar mhuin chloiche ionat; de bhrí nár aithin tú in am cé a bhí agat.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus buailfidh siad cothrom leis an talamh thú féin, agus do chlann atá ionnat, agus ní fhágfaidh siad cloch ós cionn cloiche ionnat, de bhrigh nár aithin tú aimsir do fhiosruighthe. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus buailfid thú chum na talmhan, agus do chlann atá istigh ionnat: agus ní fhágfaid cloch ar muin cloiche ionnat: toisc nár aithnighis an t‐am ’n‐a dtáinig Dia chugat. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do dhéanuid comhchothrom ris an dtalamh thú, agus do chlann ionnad a stigh; agus ní fhúigfid cloch ar miuin cloiche ionnad; tré nar aithin tú aimsear thfiosruighthe. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 nuair a bhascfaidh siad ar lár thú féin agus do chlann atá ionat, gan cloch ar mhuin cloiche a fhágáil ionat, de bhrí nár aithin tú aimsir dʼa fhiosraithe.” An Bíobla Naofa 1981 nuair a bhascfaidh siad ar lár thú féin agus do chlann atá ionat, gan cloch ar mhuin cloiche a fhagáil ionat, de bhrí nár aithin tú aimsir d'fhiosraithe.” |
Agus dubhairt seisean leó ’ghá bhfreagra: An bhfeiceann sibh na neithe sin go léir? Go deimhin adeirim libh, ní fágfar anso cloch ar muin cloiche gan raobadh.
Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt leis: Chíonn tú na h-oibreacha móra san go léir? Ní fágfar cloch ar muin cloiche dhíobh gan leagadh.
Moladh leis an dTighearna, Dia Israéil, óir d’fhéach sé chun a dhaoine agus dhein sé a slánú;
Tré inníbh trócaire ár nDia, n-ar tháinig ’ghár bhféachaint an lóchaint a’ doimhneas na bhflathas.
Agus dá mbeadh ’fhios agat-sa, sa lá so féin atá agat, na neithe atá chun síothchána dhuit; táid siad, ámhthach, i bhfolach ó d’shúilibh.
Na neithe sin a chíonn sibh, tiocfaidh na laethanta agus ní fágfar cloch ar muin cloiche dhiobh gan raobadh.