Ansan do ghlaoidh Héród na draoithe chuige, a gan fhios, agus fuair sé amach uatha go cruinn an t-am i n-ar taisbeánadh an réalt dóibh.
Lúcás 19:39 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus bhí cuid de sna Fairisínigh sa tsluagh agus dubhradar leis: A Mháighistir, cuir smacht ar do dheisgiobuil. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dúirt cuid de na Fairiséigh a bhí sa slua leis, “A Oide, cuir milleán ar do dheisceabail.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt cuid de na Fairisínigh as an tsluagh leis: A mháighistir, cuir smacht ar do dheisciobail. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus do bhí roinnt de na Fairisíneachaibh adubhairt leis as lár an tsluaigh, A Mháighistir, bagair ar do dheisceablaibh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhradar Phairisinigh áirighe do tslúagh ris, A Maighisdir, tabhuir achmhusán dod dhéiscioblaibh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus cuid de na Fairisínigh a bhí sa slua, dúirt siad leis: “A Mháistir, cuir ceartú ar do dheisceabail.” An Bíobla Naofa 1981 Agus cuid de na Fairisínigh a bhí sa slua, dúirt siad leis: “A Mháistir, cuir ceartú ar do dheisceabail.” |
Ansan do ghlaoidh Héród na draoithe chuige, a gan fhios, agus fuair sé amach uatha go cruinn an t-am i n-ar taisbeánadh an réalt dóibh.
Ach is mairg daoibh-se, a Sgríbhneóirí agus a Fhairisíneacha, a chluanaidhthe: óir do dhúnabhair rígheacht na bhflathas i n-aghaidh na ndaoine; mar, ní théigheann sibh isteach, ná ní leigeann sibh isteach na daoine atá ag dul isteach.
Agus bhí uachtaráin na sagart ’ghá bheartú go marbhóchaidís Lasarus, mar an gcéadna,
Dubhairt na Fairisínigh, d’a bhrígh sin, eatartha féin: An bhfeiceann sibh ná fuil ag eirighe linn i n-aon chor? Siné an saoghal go léir imthighthe ’n-a dhiaidh.