Agus mura féidir, an fhaid a bheidh an fear eile abhfad uaidh, cuirfidh sé teachtaireacht chuige ag fiafraighe i dtaobh síothchána.
Lúcás 19:14 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Ach bhí fuath agá dhaoine dhó, agus do chuireadar teachtaireacht ’n-a dhiaidh ’gha rádh: Ní h-áil linn é seo bheith ’n-a rí orainn. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach bʼfhuath le fir a thíre féin é gur chuir siad toscaireacht ina dhiaidh á rá, ‘Ní maith linn an fear seo a bheith ina rí os ár gcionn.’ Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Acht bhí fuath ag a chuid daoine air, agus chuir siad teachtaireacht ina dhiaidh, ag rádh: Ní h-áil linn an fear seo a bheith ina rígh orainn. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht do bhí fuath ag a dhaoinibh dhó, agus do chuireadar teachtaireacht ’n‐a dhiaidh, g‐á rádh, Ní h‐áil linn é seo bheith ’n‐a righ orainn. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd do bhí fúath ag luchd a chaithreach dhó, agus do chuireadar teachdaireachd na dhiáigh, ag rádh, Ní hail linn é so do ríoghadh oruinn. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach bhí fuath ag a chomhthírigh dó, agus chuir siad teachtaí ina dhiaidh chun a rá: ‘Ní háil linn é seo a bheith ina rí orainn.’ An Bíobla Naofa 1981 Ach bhí fuath ag a chomhthírigh dó, agus chuir siad teachtaí ina dhiaidh chun a rá: ‘Ní áil linn é seo a bheith ina rí orainn.’ |
Agus mura féidir, an fhaid a bheidh an fear eile abhfad uaidh, cuirfidh sé teachtaireacht chuige ag fiafraighe i dtaobh síothchána.
Agus ghlaoidh se chuige deichniúbhar seirbhíseach leis, agus thug sé dóibh deich bpúint, agus dubhairt sé leó, Bídhidh ag déanamh ceannaidheachta go dtagad.
Ach do thárla go bhfuair sé an rígheacht agus go dtáinig sé thar n-ais, agus d’órduigh sé na seirbhísigh gur thug sé an t-airgead dóibh do ghlaodhach chuige go mbeadh ’fhios aige an mór a dhein gach aoinne acu leir an gceannaidheacht.
Ach na h-eascáirde seo nár bh’áil leó mise bheith am’ rí ortha, tugtar anso iad agus curtar chun báis os mo chómhair iad.
Má thugann an saoghal fuath dhaoibh, bíodh fhios agaibh gur thug sé fuath dhómh-sa rómhaibh.