Agus féach, tháinig bean ó Chanaan amach as na críochaibh sin, agus do ghlaoidh sí: A Thighearna, a Mhic Dáibhid, fóir orm! ar sisi; Tá m’inghean d’á ciapadh go cruaidh ag deamhan.
Lúcás 17:13 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus d’árduigheadar a nglór agus dubhradar: A Íosa, a Mháighistir, déin trócaire orainne. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus dʼfhan siad ina seasamh tamall uaidh go ndúirt leis in ard a gcinn, “A Íosa, a Mháistir, bíodh trócaire agat orainn.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus d’árduigh a nguth, ag rádh: A Íosa, a Mháighistir, déan trócaire orainn. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus d’éigheadar go h‐árd‐ghlórach, g‐á rádh, A Íosa, a Mháighistir, déan trócaire orainn. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do árduigheadar a nguth, ag rádh, A Iósa, a Mhaighisdir, déana trócaire oruinn. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus labhair siad go hard dá rá: “A Íosa, a Mháistir, bíodh trua agat dúinn!” An Bíobla Naofa 1981 agus labhair siad go hard á rá: “A Íosa, a Mháistir, bíodh trua agat dúinn!” |
Agus féach, tháinig bean ó Chanaan amach as na críochaibh sin, agus do ghlaoidh sí: A Thighearna, a Mhic Dáibhid, fóir orm! ar sisi; Tá m’inghean d’á ciapadh go cruaidh ag deamhan.
Agus nuair a bhí Íosa ag imtheacht as an áit sin do lean beirt dall é agus iad ag liúirigh, agus deiridís, Dein trócaire orainne a Mhic Dáibhid.
Agus dubhairt Íosa leis: Má’s féidir leat creideamhaint, tá gach nídh ar chumas an t-é a chreideann.
Agus nuair a chonaic sé iad dubhairt sé leó: Imthighidh agus taisbeánaidh sibh féin do sna sagairt. Agus do thárla, ar an slígh dhóibh, gur glanadh iad.
Agus d’fhreagair Símón agus dubhairt: A Mháighistir, tá an oidhche caithte againn ag obair, agus níor thógamair aon nídh; ach ó deirir-se é sgaoilfad amach an líon.