Agus imtheóchaid siad san isteach i bpiantaibh síoruídhe; agus na fíoraoin isteach i mbeatha shíoruidhe.
Lúcás 16:26 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus d’á éaghmuis sin a’s uile, tá doimhneas mór suidhte daingean idir sibh-se agus sinne, i dtreó an t-é gur mhian leis dul as so ag triall oraibh-se nách féidir dó é, ná teacht as sán ag triall orainne. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus thairis sin uile, cuireadh bearna mhór idir sinne agus tusa, sa chaoi nach féidir leis an méid atá anseo dul anonn chugaibh dá mba mhian leo, ná ní fhéadfadh aon duine teacht anall chugainne.’ Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus le n-a chois sin uilig tá duibheagán mór curtha eadrainne agus sibh-se, san chruth nach féidir dóbhtha sin ar mhian leo é, dul anonn as seo chugaibh-se, ná teacht anall as sin chugainne. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus thairis sin agus uile, atá duibheagán mór suidhte eadrainn: i dtreo nach bhféadann siad‐san gur mian leo é dul chugaibh‐se anonn, ná teacht as sin anall chugainne. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do bhárr orrtha so uile, atá fodhomhain mhór ar na cur eadruinne agus sibhsi: ionnas nach Eidir leis na daóinibh lé budh mían é dul as so chugaibhsi: na teachd as sin, chuguinne. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus ina éagmais sin uile, tá duibheagán mór suite daingean idir sinne agus sibh, ionas nach féidir leo seo arb áil leo é dul anonn chugaibh agus nach ngabhtar anall trasna chugainne.’ An Bíobla Naofa 1981 Agus ina éagmais sin uile, tá duibheagán mór suite daingean idir sinne agus sibh, ionas nach féidir leo seo arb áil leo é dul anonn chugaibh agus nach ngabhtar anall trasna chugainne.’ |
Agus imtheóchaid siad san isteach i bpiantaibh síoruídhe; agus na fíoraoin isteach i mbeatha shíoruidhe.
Agus dubhairt Ábraham leis: Cuimhnig, a mhic, conus mar a fuarais-se neithe fóghanta i gcaitheamh do bheatha agus go bhfuair Lasarus droch-neithe; ach anois tá sé seo i sólás agus tusa i bpéin.
Agus dubhairt sé: Iarraim ort, d’á bhrígh sin, a athair, é chur go tigh m’athar: Mar tá cúigear drithár agam:
An t-é a chreideann sa Mhac tá an bheatha shíoruidhe aige; an t-é, ámhthach, a dhiúltuigheann do chreideamhaint sa Mhac ní fheicfidh sé an bheatha, ach tá fearg Dé socair air.