Agus dubhradar: A Uasail, is cuimhin linn go ndubhairt an feallaire úd nuair a bhí sé bheó: I gceann trí lá eireóchad airís.
Lúcás 16:25 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt Ábraham leis: Cuimhnig, a mhic, conus mar a fuarais-se neithe fóghanta i gcaitheamh do bheatha agus go bhfuair Lasarus droch-neithe; ach anois tá sé seo i sólás agus tusa i bpéin. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Ach is é a dúirt Abracham, ‘Cuimhnigh, a mhic, go raibh tusa nuair ba bheo duit ag fáil do mhaitheasaí, agus go raibh íde gach oilc mar an gcéanna ar Lasarus; ach anois bíonn sólás aigesean agus bíonn tusa i bpianpháis. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt Abraham leis: A mhic, cuimhnigh go bhfuair tusa neithe maithe i do shaoghal, agus Lasair, mar an gcéadna, droch-neithe; agus anois tá sólás dá fhagháil aige-sean, agus tá tusa do chéasadh. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht adubhairt Abracham, A mhic, cuimhnigh go bhfuarais‐se deagh‐neithe le linn do shaoghail, fá mar fuair Lasár droch‐neithe: acht anois atá seisean i sólás, agus atá tusa i bpéin. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd a dubhairt Abraham, A mhic, cuimhnigh gur ghlac tusa neithe maithe le linn do bheith béo, agus Lásarus mar an gceadna droch neithe: achd atá sólas aigesion a nois dá fhágháil, agus atá tusa dod phíanadh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Ach dúirt Abrahám: ‘Cuimhnigh, a mhic, go bhfuair tusa do chuid féin de na dea-nithe le linn do bheatha, agus mar an gcéanna go bhfuair Lazaras na drochnithe. Ach anois tá seisean dá shólású abhus, agus tusa do do chrá. An Bíobla Naofa 1981 Ach dúirt Abrahám: ‘Cuimhnigh, a mhic, go bhfuair tusa do chuid féin de na dea-nithe le linn do bheatha, agus mar an gcéanna go bhfuair Lazaras na drochnithe. Ach anois tá seisean á shólású abhus, agus tusa do do chrá. |
Agus dubhradar: A Uasail, is cuimhin linn go ndubhairt an feallaire úd nuair a bhí sé bheó: I gceann trí lá eireóchad airís.
Agus bhí lasmuigh d’á dhorus sínte, bochtán dár bh’ainim Lasarus, agus é lán d’othrasaibh;
Agus nuair a bhí sé ag fulang na bpian d’fhéach sé suas agus chonaic sé, abhfad uaidh, Lasarus agus é i n-ucht Ábrahaim;
Agus d’á éaghmuis sin a’s uile, tá doimhneas mór suidhte daingean idir sibh-se agus sinne, i dtreó an t-é gur mhian leis dul as so ag triall oraibh-se nách féidir dó é, ná teacht as sán ag triall orainne.
Do labhras na neithe sin libh ionus go mbeadh síothchain agaibh ionam-sa. Beidh trioblóid sa tsaoghal agaibh; ach glacaidh misneach, tá buaidhte agam-sa ar an saoghal.
agus do chuireadar sagairt fé ghrádhaibh dóibh ins gach eaglais, agus dheineadar úrnuighthe agus trosgadh, agus ansan thugadar suas do’n Tighearna iad, óir do chreideadar ann.