Agus dubhairt seisean leo: Cé h-é an duine agaibh-se, dá mbeadh aon chaora amháin aige, agus go dtuitfeadh sí i bpoll lá sabbóide, na béarfadh uirthi agus í tharang amach?
Lúcás 15:4 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Cé’cu agaibh-se go mbeadh céad caora aige, agus go raghadh caora acu amú uaidh, ná fágfadh na naoi gcinn déag agus cheithre fichid sa bhfásach agus ná raghadh ar lorg an chinn a cailleadh go dtí go bhfaghadh sé í? An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) “Cén fear agaibh a bhfuil céad caora aige, agus é i ndiaidh aon chaora amháin acu a chailleadh, nach bhfágann na naoi gcaora agus nócha ina dhiaidh san fhásach, agus nach dtéann ar lorg na haon chaorach amháin a cailleadh go dtí go bhfaigheann sé í? Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Cé’n duine agaibh a bhfuil céadh caora aige, agus má chailleann sé ceann acu, nach bhfágann sé na naoi gcinn déag agus ceithre fichid san fhásach, agus nach dtéid i ndiaidh an chinn a cailleadh, nó go bhfaghaidh sé í? Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Cia agaibh‐se ag a bhfuil céad caora, agus go gcaillfeadh sé ceann aca, nach bhfágann na naoi gcinn déag agus ceithre fichid sa bhfásach, agus nach dtéid ar lorg na caorach do cailleadh nó go bhfaghann sé í? An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Cía agaibhsi duine, agá bhfuil céad cáora, agus do léigfeadh áon díobh a mugha, nach bhfágann na naói gcaóiridh déug agus ceithre fichid ar an bhfásach, agus nach dtéid a ndiáigh na caorach úd do chúaidh a mugha, nó go bhfafann sé í? An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 “Cén duine agaibh a mbíonn céad caora aige agus go gcaillfidh sé aon cheann amháin acu, nach bhfágann an naoi nóchad eile sa bhfhásach agus dul ina diaidh siúd a bhí caillte nó go bhfaigheann í? An Bíobla Naofa 1981 “Cén duine agaibh a mbíonn céad caora aige agus go gcaillfidh sé aon cheann amháin acu, nach bhfágann an naoi nóchad eile san fhásach agus dul ina diaidh siúd a bhí caillte nó go bhfaigheann í? |
Agus dubhairt seisean leo: Cé h-é an duine agaibh-se, dá mbeadh aon chaora amháin aige, agus go dtuitfeadh sí i bpoll lá sabbóide, na béarfadh uirthi agus í tharang amach?
Agus d’fhreagair an Tighearna é agus dubhairt sé: A chealgairí, ná sgaoileann gach aoinne agaibh-se a bhó nó a asal ó’n mainséar, agus ná beireann sé chun uisge iad, lá na sabbóide?