Agus bhí sé ’ghá mbaiste sa n-Iórdan agus iad ag déanamh faoísdine i n-a bpeacaíbh.
Lúcás 15:18 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Eireóchad agus raghad ag triall ar m’athair agus déarfad leis, A Athair, tá peacadh déanta agam i n-aghaidh neimhe agus ad’ láthair-se; An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Bím ag éirí agus ag dul chuig mʼathair, agus déarfaidh mé leis, “A athair, is dubh ar mʼanam é, agus mé i mo pheacach os comhair neimhe agus os do chomhairse; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Éireochaidh mé agus rachaidh mé chuig m’athair, agus déarfaidh mé leis: A athair, pheacuigh mé i n-aghaidh neimhe agus ós do chómhair-se; Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Éireochad agus rachad chum m’athar, agus adéarfad leis, A athair, do‐rinneas peacadh i n‐aghaidh neimhe, agus id’ fhiadhnaise‐se: An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Fíréochaid mé agus rachaidh médionnsuighe mathar, agus déaruidh mé ris, A athair, do pheacaigh mé a naghaidh neimhe agus ad fhíadhnuisisi, An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Cuirfidh mé chun bóthair agus rachaidh mé chun mʼathar agus déarfaidh mé leis: A athair, pheacaigh mé in aghaidh na bhflaitheas agus i do láthair-se; An Bíobla Naofa 1981 Cuirfidh mé chun bóthair agus rachaidh mé chun m'athar agus déarfaidh mé leis: A athair, pheacaigh mé in aghaidh na bhflaitheas agus i do láthairse; |
Agus bhí sé ’ghá mbaiste sa n-Iórdan agus iad ag déanamh faoísdine i n-a bpeacaíbh.
Óir má mhaitheann sibh do dhaoine a gcionta, maithfidh bhúr n-Athair neamhdha dhaoibh-se bhúr bpeacaí.
Má’s eól, d’á bhrígh sin, daoibh-se atá go h-olc, conus neithe fóghanta thabhairt d’bhúr gclainn, nách dóichíghe gó mór go dtabharfaidh bhúr n-Athair atá ins na flathais neithe fóghanta dhaoibh-se ach iad d’iarraidh air?
Agus dubhairt sé: Nuair a bheidh sibh chun úrnuighthe déanamh abraidh: Ár n-Athair atá ar neamh, go naomhthar t’ainim, go dtagaidh do rígheacht, go ndeintear do thoil ar an dtalamh mar a deintear ar neamh.
Agus do mhachtnaimh sé i n’aigne agus dubhairt sé: Cad a bhfuil de lucht tuarasdail a thuilleamh i dtigh m’athar agus a ndóithin aráin acu, agus mise anso ag fághail bháis do’n ghorta!
Ní fiú mé feasda go ndéarfaí gur mac duit mé. Leig dom bheith mar dhuine ded’ lucht tuarasdail a thuilleamh.
Agus dubhairt an mac leis: A athair, tá peacadh déanta agam i n-aghaidh neimhe agus ad’ láthair-se; ní fiú mé feasda go ndéarfaí gur mac duit mé.
Agus do sheasaimh an puibliocánach abhfad amach, agus níor bh’áil leis a shúile amháin d’iompáil suas chun na bhflathas, ach é ag bualadh a uchta agus a’ rádh: A Dhia, déin trócaire orm óir is peacach mé.