Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 6:14 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

14 Óir má mhaitheann sibh do dhaoine a gcionta, maithfidh bhúr n-Athair neamhdha dhaoibh-se bhúr bpeacaí.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

14 Mar má mhaitheann sibh a gcionta do dhaoine, maithfidh bhur nAthair neamhaí daoibh freisin;

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

14 Óir má mhaitheann sibh-se a gcionntaí do dhaoine, maithfidh bhur n-Athair neamhdha bhur gcionntaí díbh-se fhosta.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Óir, má mhaitheann sibh do dhaoinibh a gcionnta, maithfidh bhúr n‐Athair neamhdha bhúr gcionnta dhaoibh‐se mar an gcéadna;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

14 Oir ma mhaithi a gcionnta do dháonibh, maithfidh bhur Nathair neámhdha dáoibhsi mar an gcéadna:

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

14 Óir, má mhaitheann sibh a gcionta do chách, maithfidh bhur nAthair neamhaí daoibh-se freisin.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

14 Óir, má mhaitheann sibh a gcionta do chách, maithfidh bhur nAthair neamhaí daoibhse freisin.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 6:14
12 Tagairtí Cros  

Is aoibhinn do lucht na trócaire dhéanamh, mar isiad a gheóbhaidh trócaire.


Agus maith dhúinn ár gcionta, mar mhaithimíd-ne do chách a chiontuigheann i n-ár n-aghaidh.


Mar is do réir na breithe a thabharfaidh sibh a tabharfar breith oraibh; agus an tómhas le n-a dtómhaisfidh síbh, is leis a tómhasfar chúghaibh.


Agus nuair a stadfaidh sibh chun úrnuighthe dhéanamh, má bhíonn aon nídh agaibh i gcoinnibh aoinne, maithidh dó é; ionus go maithfeadh bhúr n-Athair atá ins na flathais bhúr bpeacaí dhaoibh-se.


Ná tugaidh breith, agus ní tabharfar breith oraibh; ná daoraidh, agus ní daorfar sibh; maithidh, agus maithfar daoibh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí