Réidhtigh le t’eascaraid go luath, an fhaid ataoí i n-aonfheacht leis sa tslígh, le h-eagla go dtabharfadh an t-eascara suas tu do’n bhreitheamh, agus go dtabharfadh an bhreitheamh suas d’á ghiolla thu, agus go gcurfaí sa charcair thu.
Lúcás 14:32 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus mura féidir, an fhaid a bheidh an fear eile abhfad uaidh, cuirfidh sé teachtaireacht chuige ag fiafraighe i dtaobh síothchána. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus mura féidir leis, chomh fada agus atá an fear eile i bhfad uaidh, cuireann sé teachtairí uaidh ag éileamh síochána. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Nó, ar bheith dó-san go fóill i bhfad uaidh, cuireann sé teachtaireacht chuighe a thrácht ar cheist síothchána. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Muna bhféadann, chómh fhad agus atá an fear eile i bhfadh uaidh go fóill, cuireann sé teachtairí uaidh ag éileamh síothchána. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Nó, ar mbeith dhósan fós a bhfad úadh, cuiridh sé teachdaireachd chuige, agus iarruidh sé siothcháith. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus mura bhféadann, le linn dó siúd a bheith i bhfad uaidh, cuireann sé teachtaí chuige ag iarraidh coinníollacha síochána. An Bíobla Naofa 1981 Agus mura bhféadann, le linn dó siúd bheith i bhfad uaidh, cuireann sé teachtaí chuige ag iarraidh coinníollacha síochána. |
Réidhtigh le t’eascaraid go luath, an fhaid ataoí i n-aonfheacht leis sa tslígh, le h-eagla go dtabharfadh an t-eascara suas tu do’n bhreitheamh, agus go dtabharfadh an bhreitheamh suas d’á ghiolla thu, agus go gcurfaí sa charcair thu.
An t-é a dh’iarrfaidh rud ort, tabhair dó é; agus má’s mian le duine iasacht do lorg ort ná h-iompuigh uaidh.
Agus nuair a bheidh tú ag dul, i n-aonfheacht led’namhaid, i láthair an phriúnsa, dein do dhícheal chun sgaramhaint leis, le h-eagla go mbéarfadh sé i láthair an bhreithimh tu, agus go dtabharfadh an breitheamh suas tu do’n fheidhmeadóir, agus go gcuirfeadh an feidhmeadóir sa charcair tu.
Nó cé h-é an rí a bheadh ag dul chun cogaidh a dheanamh le rí eile, ná suídhfeadh síos ar dtúis ag déanamh machtnaimh, féachaint ar bh’ fhéidir dó, le deich míle, seasamh i n-aghaidh an t-é atá ag teacht ’n-a choinnibh agus fiche míle aige?
Ar an gcuma gcéadna, gach duine agaibh-se ná tugann druim lámha le n-a bhfuil aige, ní féidir dó bheith ’n-a dheisgiobul agam-sa.
Ach bhí fuath agá dhaoine dhó, agus do chuireadar teachtaireacht ’n-a dhiaidh ’gha rádh: Ní h-áil linn é seo bheith ’n-a rí orainn.
Agus bhí fearg air chun muinntire Tuíre agus chun muinntire Shídón. Thánadar-san ámhthach, do thoil a chéile, ag triall air, agus dheineadar muinntearthas le Blastus, fear seómra an rí, agus d’iarradar siothcháin, toisg a dtír féin a bheith d’á chothú ó’n rí.