Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 14:32 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

32 Muna bhféadann, chómh fhad agus atá an fear eile i bhfadh uaidh go fóill, cuireann sé teachtairí uaidh ag éileamh síothchána.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

32 Agus mura féidir leis, chomh fada agus atá an fear eile i bhfad uaidh, cuireann sé teachtairí uaidh ag éileamh síochána.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

32 Nó, ar bheith dó-san go fóill i bhfad uaidh, cuireann sé teachtaireacht chuighe a thrácht ar cheist síothchána.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

32 Nó, ar mbeith dhósan fós a bhfad úadh, cuiridh sé teachdaireachd chuige, agus iarruidh sé siothcháith.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

32 Agus mura féidir, an fhaid a bheidh an fear eile abhfad uaidh, cuirfidh sé teachtaireacht chuige ag fiafraighe i dtaobh síothchána.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

32 Agus mura bhféadann, le linn dó siúd a bheith i bhfad uaidh, cuireann sé teachtaí chuige ag iarraidh coinníollacha síochána.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 14:32
11 Tagairtí Cros  

Réidhtigh go luath led’ eascaraid, fad agus bhéas tú i n‐éinfheacht leis sa tslighe; ar eagla go dtiubhradh an eascara ar láimh do’n bhreitheamh thú, agus go dtiubhradh an breitheamh suas do’n oifigeach thú, agus go gcaithfidhe thú i bpríosún.


Tabhair rud do’n té iarrfas ort é, agus ná h‐iontuigh ó’n té gur mian leis rud d’fhágháil ar iasacht uait.


Óir, nuair bhíonn tú ag dul i n‐éinfheacht led’ námhaid i láthair an ghiúistís, sa tslighe dhuit, déan do dhícheall chum réidhteach do dhéanamh leis; ar eagla go dtarraingeochadh sé os cómhair an bhreitheamhan thú, agus go dtiubhradh an breitheamh suas do’n fheadhmannach thú, agus go gcuirfeadh an feadhmannach i bpríosún thú.


Nó cia h‐é an rí do bhéadh ag dul chum cogaidh le rí eile, nach suidhfidh síos ar dtús ag déanamh machtnaimh d’fhéachain an bhféadann sé le deich míle aghaidh do thabhairt ar an té atá ag teacht d’á ionnsaighe le fiche míle?


Ar an gcuma chéadna, gach duine agaibh‐se nach ndiúltann do gach a bhfuil aige, ní féidir dhó bheith ’n‐a dheisceabal agam‐sa.


Acht do bhí fuath ag a dhaoinibh dhó, agus do chuireadar teachtaireacht ’n‐a dhiaidh, g‐á rádh, Ní h‐áil linn é seo bheith ’n‐a righ orainn.


Agus do bhí mí‐ghreann mór air chum muinntire Tuire agus Sidóine: agus tháinig siad de thoil a chéile chuige, agus ag déanamh caradais dóibh le Blastus seomradóir an ríogh, d’éiligheadar síothcháin air, toisc a ndúthaigh bheith d’á cothú ó dhúthaigh an ríogh.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí